Tá an tAire Dlí agus Cirt ag seasamh leis an gcinneadh deireadh a chur le riachtanas Gaeilge do sháirsintí agus cigirí an Gharda Síochána agus í den tuairim go raibh an cinneadh ag teacht le “dea-chleachtas” ó thaobh cúrsaí earcaíochta.
Thug an tAire Helen McEntee le fios go gcabhródh an cinneadh lena chinntiú go meallfaí “an bhuíon iarrthóirí is ilghnéithí agus is féidir” chun iarratais a dhéanamh ar arduithe céime sa bhfórsa.
Tháinig sé chun solais an mhí seo go raibh cinneadh glactha fáil réidh leis an riachtanas go mbeadh ar ghardaí a bhí ag iarraidh a bheith ina sáirsintí nó ina gcigirí marc 50% a fháil i mbéaltriail Ghaeilge.
Cé go ndúirt an Garda Síochána le Tuairisc.ie gur ceist don Roinn Dlí agus Cirt a bhí sa chinneadh, dúirt an tAire Helen McEntee gurbh amhlaidh gur ‘comhaontú’ a bhí i gceist idir a roinn féin, an Garda Síochána, an tÚdarás Póilíneachta agus an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí.
Dúirt an tAire Dlí agus Cirt go raibh an cinneadh deireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge “ag teacht chomh maith le dea-chleachtas maidir le comórtais ardaithe céime eile sa tseirbhís phoiblí trí chéile chun a chinntiú go ndéanann an bhuíon iarrthóirí is ilghnéithí agus is féidir iarratas ar dheiseanna ardaithe céime”.
Agus í ag tabhairt freagra ar cheist Dála ón Teachta Dála de chuid Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh, dúirt an tAire go mbíodh an Garda Síochána féin ag bainistiú na gcomórtas ardaithe céime “go hinmheánach” roimhe seo agus go raibh an próiseas le reáchtáil feasta ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí.
Dúirt an tAire go gcuirtear go leor oiliúna ar Ghardaí “lena n-áirítear oiliúint i gcomhair inniúlachta sa Ghaeilge”. Dar leis an Aire, aontaíodh nach “riachtanas bunriachtanach” a bhí sa ghrád 50% sa bhéaltriail Ghaeilge dóibh siúd a bhí ag iarraidh a bheith ina sáirsintí nó ina gcigirí.
“Tá sé seo ag teacht, chomh maith, le dea-chleachtas maidir le comórtais ardaithe céime eile sa tseirbhís phoiblí trí chéile, chun a chinntiú go ndéanann an bhuíon iarrthóirí is ilghnéithí agus is féidir iarratas ar dheiseanna ardaithe céime.”
D’fhógair an tAire freisin go mbeadh straitéis nua don Ghaeilge á seoladh ag an nGarda Síochána go luath.
“Beidh mar aidhm leis an Straitéis nua seirbhísí Gaeilge a neartú laistigh den Gharda Síochána, agus comhlíonadh dualgas reachtúil teanga a chinntiú.”
Chuir an Coimisinéir Rónán Ó Domhnaill tuarascáil speisialta faoi bhráid Thithe an Oireachtais ag cur síos ar an sárú atá á dhéanamh ag an Gharda Síochána ar a ndualgais i leith na Gaeilge. Bhain sí leis an sárú ar an dualgas atá orthu dóthain Gardaí le Gaeilge líofa a chur ag obair sa Ghaeltacht.
Nuair a bhí ceannasaí na nGardaí, Drew Harris, os comhair Choiste Gaeilge an Oireachtais níos luaithe i mbliana, ghéill sé go bhfuil teipthe ar iarrachtaí an Gharda Síochána dóthain cainteoirí líofa Gaeilge a mhealladh isteach san fhórsa.