Tá deacrachtaí ag daoine a bhaineann úsáid as a gcuid ainmneacha Gaeilge an dearbhán ‘ceannaigh go háitiúil’ a fháil ó thuaidh.
Cuireadh síneadh seachtaine leis an spriocdháta chun an dearbhán £100 atá á thabhairt amach ag an fheidhmeannas ó thuaidh toisc deacrachtaí a bheith ag daoine an dearbhán a fháil. Tá go dtí an 14 Nollaig anois ag daoine an dearbhán a úsáid.
Tá an dearbhán á bhronnadh ar gach duine atá cláraithe le haghaidh vótáil ó thuaidh agus é mar aidhm leis spreagadh a thabhairt don gheilleagar áitiúil atá buailte ag an phaindéim.
I litir a scríobh an comhairleoir de chuid Shinn Féin, Barry McElduff, chuig an Roinn um Eacnamaíocht faoi cheist na n-ainmneacha, dúradh go raibh daoine, seandaoine ina measc “ag cailleadh amach” ar an dearbhán £100 mar gheall nach bhfuil glacadh lena gcuid ainmneacha i nGaeilge.
Dúirt an Comhairleoir do cheantar Fhear Manach agus na hÓmaí
gur próiseas “crua agus casta” a bhí ann dóibh siúd a rinne iarratas ar an dearbhán siopadóireachta agus a bhaineann úsáid as leagan Gaeilge dá n-ainm.
Baineann ceann de na deacrachtaí le daoine a bhfuil an t-ainm i mBéarla ar a dteastas breithe nó ar a gceadúnas tiomána ach a bhaineann úsáid as leagan Gaeilge dá n-ainm sa ghnáthshaol.
D’fhéadfadh sé go mbeadh deacrachtaí eile ag daoine a bhfuil leagan Gaeilge dá n-ainm ar a gcuntas bainc agus an leagan Béarla le feiceáil ar cháipéisí eile. I measc na n-ainmneacha a raibh deacrachtaí leo, bhí Seán, Cathal, agus Mairéad, a úsáideach mar leaganacha Gaeilge de John, Charles agus Margaret.
Dúirt an t-iarfheisire parlaiminte, Barry McElduff sa litir, atá feicthe ag Tuairisc.ie, go raibh an próiseas iarratais don dearbhán “neamhphraiticiúil don tsochaí agus don chultúr” ó thuaidh agus gur “fadhb ollmhór” é do dhaoine go háitiúil.
“Ní ar mhaithe le bheith ag tarraingt achrainn atá daoine, tá ainmneacha Gaeilge in úsáid go coitianta,” a dúirt sé.
Dúirt McElduff gur chóir don Aire Eacnamaíochta, Gordon Lyons, agus a roinn “níos mó solúbthachta agus céille” a bheith acu i gcás na ndearbhán.
Caithfear glacadh leis go mbíonn ainmneacha Gaeilge in úsáid, fiú i gcásanna gur ainm Béarla atá le feiceáil ar theastas breithe, a dúirt sé.
I ráiteas a chuir an Roinn um Eacnamaíocht ar fáil do Tuairisc.ie, dúradh go raibh “cur chuige is solúbtha” curtha i bhfeidhm acu maidir leis an eolas is gá do dhaoine a chur ar fáil don dearbhán ‘ceannaigh go háitiúil’.
“I gcás go bhfuil iarracht mhacánta déanta chun eolas a chur ar fáil agus go bhfuil sé soiléir ceangal a bheith idir an t-iarratasóir agus na cáipéisí a chuirtear ar fáil, agus go bhféadfaí a bheith réasúnta cinnte go bhfuil an t-iarratasóir i dteideal dearbháin, ba cheart go gceadófaí é,” a dúirt an t-urlabhraí ón Roinn um Eacnamaíocht.