Tá “aicmeachas agus éilíteachas” ag baint le cuid de na moltaí atá á ndéanamh faoi chúrsaí nua a thabhairt isteach do Ghaeilge na hArdteiste, dar le múinteoir Gaeltachta amháin a labhair amach faoi.
Agus í ag caint ar an gclár Iris Aniar ar Raidió na Gaeltachta, dúirt Máire Ní Choncheanainn, múinteoir Gaeilge i Scoil Cuimsitheach Chiaráin ar an gCeathrú Rua, gurb é an rud is práinní anois na cúrsaí nó na sonraíochtaí don Teastas Sóisearach a leasú agus a chur in oiriúint do dhaltaí na Gaeltachta.
Dúirt Máire Ní Choncheanainn go mbeadh 70 dalta dá cuid ar an gcéad dream a thabharfadh faoi Theastas Sóisearach nua na sonraíochtaí an samhradh seo mar nár reáchtáladh an scrúdú sin anuraidh de bharr na paindéime agus ní mó ná sásta a bhí sí leis mar chúrsa.
Bhí bean na Gaeltachta den tuairim láidir nár cuireadh cás na Gaeltachta agus na gcainteoirí paiteanta atá sa scoil sin sa gcomhaireamh in aon chor agus an cúrsa sin ná an measúnú a dhéanfaí air á bpleanáil agus á gcur i láthair na n-oidí.
Bhí an t-oide cáinteach faoin oiliúint ghairmiúil, cúram na Seirbhíse um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí (SFGM), a cuireadh ar fáil do mhúinteoirí a bhíonn ag teagasc cainteoirí dúchais, toisc nár aithníodh na sainriachtanais a bhaineann leis an obair sin.
Rinne Máire Ní Choncheanainn comparáid idir an cur chuige gairmiúil dea-phleanáilte a bhain leis an réiteach uilig don Tionscadal Mata (Project Maths) agus Sonraíochtaí na Gaeilge don Teastas Sóisearach.
I gcás na Matamaitice tugadh saineolaithe agus oidí ag an tríú agus ag an dara leibhéal le chéile chun an clár a ullmhú, ábhar feiliúnach a réiteach agus a chur ar fáil, a dúirt sí.
Dúirt sí gur eagraíodh grúpaí fócais agus ceardlanna chun an t-ábhar agus an cur chuige nua a chur ar a súile go mionchúiseach do na múinteoirí matamaitice.
I gcás na Gaeilge, áfach, bhí litríocht na chéad bhliana agus an dá bhliain eile scartha, ní raibh na foilsitheoirí agus lucht deartha an chúrsa ar an mbileog chéanna don phleanáil agus ní raibh teacht ag oidí dá réir ar an litríocht a mholtar. Níor dhírigh na ceardlanna ar mhúinteoirí na Gaeltachta ach oiread, a dúirt sí.
An moladh láidir a bhí ag Máire Ní Choncheanainn go gcuirfí cuma is caoi ar shonraíochtaí nó cúrsaí an Teastais Shóiséaraigh agus go dtógfadh an obair cúig nó sé de bhlianta agus ansin go bhféadfaí díriú ar an Ardteist.
An rud is práinní scrúdú cainte a thabhairt isteach arís ag an Teastas Sóisearach a mbeadh ar a laghad 30% de na marcanna ag gabháil leis, a dúirt sí.
Maidir leis an bplécháipéis a d’ullmhaigh an Dr Áine Hyland agus Fíona Uí Uiginn do Chonradh na Gaeilge agus a cuireadh i láthair Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta, an cheist a bhí ag Ní Choncheanainn ar iarradh comhairle ná barúil ar aon oide Gaeltachta agus an cháipéis sin a hullmhú.
Bhraith sí go raibh dreamanna eile ag déanamh cinntí beag beann ar chainteoirí dúchais na Gaeltachta. Ní raibh aon ghlacadh aici le moltaí na plécháipéise go dtabharfaí isteach ‘Sárleibhéal’ i scrúdú Gaeilge na hArdteiste agus marcanna bónais CAO ag dul leis.
Níl a leithéid á éileamh ar dhaltaí “sna nuatheangacha eile ná ar chainteoirí dúchais Béarla” a deir sí.
Ba chóir na trí leibhéal atá ag an Ardteist faoi láthair a choinneáil – Bonn, Gnáth agus Ard – agus an obair is práinní a dhéanamh ar an Teastas Sóisearach ar dtús.
Ní raibh aon “aicmeachas ná éilíteachas’ ag teastáil ó oidí Gaeltachta, dar léi agus ní bheadh aon ghlacadh dá réir le sárleibhéal i scrúdú Gaeilge na hArdteiste.
D’iarr sí ar thuismitheoirí Gaeltachta a moltaí a chur ar aghaidh go dtí comhairliuchanT1@ncca.ie agus diúltú do na sonraíochtaí don Ardteist agus a cuid moltaí a dhéanamh faoin Teastas Sóisearach.
Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo ar dtús tá dhá shiollabas nua Gaeilge á moladh don Ardteist – T1 agus T2. Bhí go leor conspóide ó shin faoi mholadh an NCCA go dtabharfaí isteach an dá chúrsa nua – ceann do chainteoirí líofa (T1) agus ceann do dhaltaí eile an stáit (T2).
Léirigh daoine áirithe imní, mar shampla, nach dtabharfadh daltaí Ardteiste a bhfuil Gaeilge líofa acu faoi chúrsa nua atá níos dúshlánaí mura mbeadh pointí breise ar fáil.
Dúirt an NCCA féin mí Iúil go bhfuil “géarghá” le soiléireacht ón Roinn Oideachais maidir le feidhmiú an dá chúrsa nua Gaeilge atá beartaithe don Ardteist.
Tá Tuismitheoirí na Gaeltachta ar cheann de na grúpaí a deir go gcruthódh an plean do na cúrsaí nua mar atá siad deighilt i bpobal na Gaeltachta agus go mbeadh muintir na Gaeltachta curtha trína chéile acu.
Chuir duine d’údair na plécháipéise faoin gceist a ullmhaíodh do Chonradh na Gaeilge, Fíona Uí Uiginn,
i leith na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (NCCA) go bhfuil siad ag caitheamh leis an Ghaeilge san Ardteist ar an bhonn céanna is a chaithfí leis an Laidin.