Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
13-ainmniuchan-ifta-do-scannain-ghaeilge-agus-‘an-cailin-ciuin’-ag-barr-an-liosta

13 ainmniúchán IFTA do scannáin Ghaeilge agus ‘An Cailín Ciúin’ ag barr an liosta

| Tuairisc.ie | ,

Tá 10 n-ainmniúchán do na gradaim IFTA faighte ag an bhfadscannán Gaeilge An Cailín Ciúin.

Fágann sin go bhfuil an chéad scannán fada ag an stiúrthóir Colm Bairéad agus ag an léiritheoir Cleona Ní Chrualaoi ag barr liosta na n-ainmniúchán in éineacht le Belfast le Kenneth Branagh.

Tá trí cinn eile d’ainmniúcháin faighte ag scannáin Ghaeilge – dhá cheann ag Foscadh agus ceann ag Doineann.

Colm Bairéad agus Cleona Ní Chrualaoi

An Cailín Ciúin ainmnithe don ‘Scannán is fearr’ agus é a fhéachaint le leithéidí Belfast, Swan Song agus You Are Not My Mother agus tá Colm Bairéad ainmnithe sa rannóg don ‘Stiúrthóir is Fearr’.

Tá an t-aisteoir óg Catherine Clinch, atá sa phríomhpháirt, sa scannán ainmnithe don ‘Bhan-aisteoir is Fearr’.

Beirt aisteoirí atá ainmnithe do Foscadh, an chéad scannán ó Sheán Breathnach stiúrthóir as Gaeltacht Chonamara, Dónall Ó Héalaí atá ainmnithe sa rannóg don aisteoir is fearr agus Cillian Ó Gairbhí atá ainmnithe sa rannóg don aisteoir tánaisteach is fearr.

Cillian Ó Gairbhí agus Dónall Ó Héalaí

Tá an t-aisteoir Peter Coonan ainmnithe dá ról in Doineann, scéinséir comhaimseartha.

Tá an An Cailín Ciúin bunaithe ar scéal le Claire Keegan agus rinneadh an scannánú i mBaile Átha Cliath agus i gcontae na Mí.

Scéal casta leochaileach é faoi dhuine atá ag teacht in inmhe agus pléitear an teaghlach, an fhaillí agus an chailliúint trí shúile an phríomhcharachtair óig.

Tá Kate McCullough ainmnithe don chineamatagrafaíocht agus tá John Murphy ainmnithe don eagarthóireacht.

Tá Stephen Rennicks ainmnithe dá scór don scannán Gaeilge agus é san iomaíocht sa rannóg cheoil le Van Morrison agus David Holmes.

Tá Louise Stanton ainmnithe don dearadh feistis agus tá ainmniúchán faighte Steve Fanagan, John ‘Bob’ Brennan agus Brendan Rehill sa rannóg fuaime.

Ghnóthaigh An Cailín Ciúin Grand Prix sa rannóg Glúin/Generation ag Féile Idirnáisiúnta Scannán Bheirlín.

Cuirfidh an scannán tús tráthnóna amárach le Féile Scannán Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath, an chéad fhadscannán Gaeilge a dhéanfaidh a leithéid.

Tá beirt Ghaeilgeoirí eile ar liosta na n-ainmniúchán IFTA. Tá Dathaí Keane, a rinne an tsraith An Klondike agus an scannán Gaeilge Finky roimhe seo, ainmnithe mar stiúrthóir don tsraith Smother. Tá Úna Ní Dhonghaile, Gaeilgeoir eile, ainmnithe i rannóg na heagarthóireachta do Belfast.

Faoin scéim Cine4, atá á maoiniú ag TG4, an BAI agus Fís Éireann, a rinneadh An Cailín Ciúin agus Foscadh, iontráil na hÉireann ar Gradaim Oscars na bliana seo.

TG4, BBC Gaeilge agus Ciste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann a chuir maoiniú ar fáil do Doineann.

Rinne Ard-Stiúrthóir TG4, Alan Esslemont, comhghairdeas le léiritheoirí na scannán.

“Comhghairdeas ó chroí arís le foireann Inscéal; Cleona Ní Chrualaoi agus Colm Bairéad agus leis an bhfoireann ar fad a léirigh An Cailín Ciúin.  Is aitheantas na deich n-ainmniúchán seo as an gcaighdeán atá sa scannán idir aisteoireacht, agus scannánaíocht.  

“Déanaim comhghairdeas freisin le Magamedia as an dá ainmniúchán do Foscadh agus le Doubleband Films don ainmniúchán do Doineann.  Beidh scannáin Ghaeilge d’ardchaighdeán le feiceáil i bpictiúrlanna agus ag féilte scannáin go rialta in 2022 agus is iontach an rud é go bhfuil TG4 agus Cine4 lárnach san earnáil scannánaíochta in Éirinn agus go hidirnáisiúnta.”

Níos mó