Tá fiosrúchán ar bun ag na Gardaí faoi chalaois vótála san olltoghchán deireanach.
Dhearbhaigh na Gardaí do Nuacht TG4 go raibh fiosrúchán ar siúl faoi vótaí poist a caitheadh i Sligeach Liatroim in Olltoghchán 2020.
Caitheadh chóir a bheith 61 míle vóta i Vótaí poist a bhí i míle vóta den thart ar 60,000 vóta a caitheadh sa dáilcheantar san olltoghchán.
Tuairiscíodh aréir go bhfuil an fiosrúchán faoi lán seoil ag Gardaí Shligigh maidir leis an gcalaois vótála a chreideann siad a tharla i gcás na vótaí poist.
Deirtear go raibh 31% níos mó vótaí poist i I gceist i Sligeach-Liatroim in 2020 ná mar a bhí i ndáilcheantair eile nó mar a bhí san olltoghchán roimhe sin in 2016.
Tuairiscíodh ar Nuacht TG4 aréir go bhfuil teagmháil déanta ag na Gardaí le daoine a bhí cláraithe chun vótála sa dáilcheantair féachaint an ndearna siad amhlaidh.
Tá na Gardaí ag iarraidh fáil amach an ndearna daoine áirithe iarratas ar vóta poist a chaitheamh agus má rinne an raibh cúis sláinte acu leis an iarratas sin. Ní foláir teastas leighis a fháil ó dhochtúir sa chás go bhfuil vóta poist á lorg ar chúinsí sláinte.
Tá na Gardaí amhrasach gur chaith daoine vótaí poist bíodh is gur ainm duine eile a bhí cláraithe leo.
Bíonn cúiseanna éagsúla ag daoine iarratas a dhéanamh ar vóta poist a chaitheamh. Déanann príosúnaigh, daoine atá ag staidéar as baile nó daoine atá gafa le cúrsaí oibre iarratas ar vóta poist, mar shampla, ach is ar chúiseanna sláinte is mó a dhéanann daoine cás nach féidir leo freastal ar bhothán vótála.