Oifigeach Forbartha Gaeilge Chairde Uí Néill – Damian Ó Néill
Is go contae Thír Eoghain a chuaigh Meon Eile an tseachtain seo le bualadh le hOifigeach Forbartha Gaeilge de chuid an ghrúpa Cairde Uí Néill, Damian Ó Néill.
Oibríonn Cairde Uí Néill go dlúth leis na heagraíochtaí pobail éagsúla in oirdheisceart an chontae, idir na Gaelscoileanna agus Chumann Lúthchleas Gael, i measc eagraíochtaí go leor eile.
Tá Damian ag obair sa phost ó bhí 2013 ann agus tá sé ag baint an-sult as go fóill. Taitníonn sé leis a bheith ag obair in earnáil na Gaeilge agus síleann sé go bhfuil an Scéim Forbartha Líonra Gaeilge ina rud iontach do phobail Ghaeilge ar fud na tíre.