Deir Volodymyr Zelensky, Uachtarán na hÚcráine, go bhfuil a thír “réidh” chun “stádas neodrachta” a phlé ar mhaithe le stop a chur leis an gcogadh.
Dúirt urlabhraí de chuid na Rúise go bhféadfadh gur amárach, Dé Máirt, a chuirfí tús sa Tuirc leis na cainteanna síochána aghaidh ar aghaidh is déanaí.
Dúirt Zelensky go rabhthas sásta chomh maith iarracht a dhéanamh teacht ar chomhréiteach mar gheall ar stádas an cheantair Donbas in oirthear na hÚcráine.
Dúirt an tUachtarán Zelensky go gcaithfí aon mhargadh síochána a dhéanfaí leis an Rúis a chur faoi bhráid mhuintir na hÚcráine lena mbeannacht a fháil. Chaithfeadh tíortha eile gealltanais a thabhairt don Úcráin ó thaobh cúrsaí slándála, a dúirt sé.
Dúirt údaráis na hÚcráine nach raibh sé i gceist na bealaí éalaithe amach as cathracha na tíre a oscailt inniu mar go raibh foláirimh faighte acu go bhféadfadh go gcuirfeadh fórsaí na Rúise isteach ar na bealaí.
Cúig seachtaine i ndiaidh thús an ionraidh, lean an Rúis ar aghaidh lena gcuid ionsaithe.
Dúirt Méara Mariupol go bhfuil an an chathair chalafoirt atá faoi léigear le mí anuas, i mbéal na tubaiste agus go gcaithfí an uile dhuine a thabhairt slán aisti.
Deir seirbhísí faisnéise na Breataine gur beag dul chun cinn eile atá déanta ag an Rúis de bharr fadhbanna eagrúcháin, cosaint láidir na hÚcráine agus “easpa fuinnimh agus misnigh”.
Tá imní ar údaráis na hÚcráine go bhféadfadh gurb é an rún atá ag an Rúis anois ná oirthear na tíre a ghabháil agus í a dheighilt idir na ceantair atá faoina smacht agus na ceantair nach bhfuil.
Tá os cionn deich milliún duine teite óna mbailte ó thosaigh ionradh na Rúise ar ag deireadh mhí Feabhra agus maraíodh na mílte sibhialtach agus saighdiúir. Tá cuid mhór den Úcráin scriosta ag an na hionsaithe.
Agus an dá thaobh ar tí bualadh le chéile arís i gcomhair a thuilleadh cainteanna, dúirt Sergei Lavrov, aire gnóthaí eachtracha na Rúise, go bhféadfadh gur mó dochar ná maitheas a dhéanfadh sé faoi láthair dá mbeadh cruinniú ag Vladimir Putin agus Volodymyr Zelensky le chéile.