Comhlacht seachtrach aistriúcháin a d’aistrigh ‘Mind the steps’ mar ‘Intinn na céimeanna’ ar phóstaer de chuid an HSE.
Tá pictiúr den chomhartha ag ionad tástála á scaipeadh ar líne le tamall agus gan a fhios ag go leor de lucht na Gaeilge a chonaic é an gol nó gáire a dhéanfaidís faoin aistriúchán díchéillí air.
I ráiteas a chuir Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ar fáil do Tuairisc.ie faoin gcomhartha, dúradh gur cuireadh foireann an ionaid tástála a bhí i gceist ar an eolas faoin scéal agus go raibh comhartha ceart le cur ina áit.
Dúradh gur comhlacht seachtrach a d’fhostaigh an HSE a rinne an t-aistriúchán.
“Déanfaidh an fhoireann [san ionad tástála] an botún a chur ina cheart i gcomhar le hOifigeach Gaeilge an HSE agus déanfar socruithe maidir le comhartha nua a chur in áit an chomhartha.
“Cuireadh amach ar conradh chuig soláthraí tríú páirtí an tseirbhís aistriúcháin agus bhí an t-aistriúchán agus priontáil san áireamh.”
Níorbh é seo an chéad uair go raibh botún aisteach san aistriúchán Gaeilge ar fhógra in ionad tástála Covid-19 de chuid Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.
Anuraidh baineadh anuas comharthaí a bhíodh ag fógairt cosc ar cheamaraí in ionaid tástála Covid-19 nuair a cuireadh botún san aistriúchán Gaeilge ar a súile d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.
Sa bhfógra bhí ‘No cameras’ aistrithe go Gaeilge amhail mar ‘Uimh Ceamaraí’ amhail is gur giorrúchán ar an bhfocal Béarla ‘number’ a bhí i gceist leis an ‘No’.
Tuairisc.ie a chuir faoi bhráid an HSE an pictiúr den fhógra sa chás sin chomh maith agus dúradh gur cuireadh an t-aistriúchán Gaeilge don fhógra agus an phriontáil sin amach ar conradh go dtí soláthróir eile freisin.