Is cosúil nach mbeidh Foras na Gaeilge in ann Príomhfheidhmeannach buan a cheapadh go dtí go mbeidh Tionól Stormont ag feidhmiú i gceart arís.
Tá an tsáinn pholaitiúil is deireanaí ó thuaidh ag cruthú deacrachtaí don eagraíocht trasteorann agus moill curtha chomh maith ar mhaoiniú breise a cheadú.
Cé gur fhógair Foras na Gaeilge folúntas do phost an Phríomhfheidhmeannaigh ag deireadh na bliana seo caite nuair a tháinig conradh Sheáin Uí Choinn chun críche, níor fógraíodh toradh an chomórtais sin go fóill.
Bhí Seán Ó Coinn féin istigh ar an bpost agus ba é tuairim na coitiantachta go n-athcheapfaí gan rómhoill é.
Thug Foras na Gaeilge le fios do Tuairisc an tseachtain seo go bhfuil an próiseas earcaíochta curtha i gcrích agus go bhfuil moladh don cheapachán curtha chuig an gComhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT). Caithfidh CATT glacadh leis an moladh sula mbeifear in ann Príomhfheidhmeannach a cheapadh, ach ní thiocfaidh an chomhairle aireachta le chéile le chéile chun cinneadh a dhéanamh maidir leis an moladh go dtí go n-athbhunófar Feidhmeannas Stormont.
Thug Foras na Gaeilge le fios go mbeidh Seán Ó Coinn ag feidhmiú mar Phríomhfheidhmeannach Gníomhach ar an eagraíocht idir an dá linn.
Ní raibh aon chruinniú ag CATT ó d’éirigh Paul Givan as mar Chéad-Aire mí Feabhra agus is beag seans go mbeidh Foras na Gaeilge in ann Príomhfheidhmeannach buan a dheimhniú go dtí go mbeidh toghcháin Stormont thart sa Bhealtaine ar a luaithe.
Tá an tsáinn i Stormont tar éis deacrachtaí a chruthú maidir le maoiniú breise a fógraíodh d’Fhoras na Gaeilge freisin.
D’fhógair an Rialtas ó dheas €700,000 breise don Fhoras Teanga – Foras na Gaeilge agus Gníomhaireacht na hUltaise – i mBuiséad 2022 ach ní féidir sin a bhronnadh ar an bhForas go dtí go mbeidh buiséad iomlán na n-eagraíochtaí aontaithe leis an Roinn Pobal ó thuaidh. San earrach a aontaíonn an Feidhmeannas ó thuaidh a bhuiséad.
Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers sa Dáil go raibh socrú beagnach aontaithe ag na ranna ó dheas agus ó thuaidh maidir leis an maoiniú breise a chuirfí ar fáil don Fhoras Teanga do 2022 ach nach bhféadfaí cinneadh a dhéanamh go dtí go mbeidh Stormont ag feidhmiú arís.
Thug Chambers le fios go raibh buiséad bonnlíne €12,387,239 aontaithe cheana féin ag an dá Rialtas don Fhoras Teanga in 2022.
Dúirt an tAire Stáit cheana nach gcaillfear an €700,000 breise a gheall an Rialtas ó dheas fiú mura n-aontaíonn an Rialtas ó thuaidh maoiniú breise a chur ar fáil freisin.
Dúirt sé go roinnfí an t-airgead breise ar earnáil na Gaeilge, rud atá déanta cheana ag an Rialtas agus maoiniú tugtha díreach acu d’eagraíochtaí teanga ar nós Chonradh na Gaeilge agus Glór na nGael.