Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
‘nil-aon-chinneadh-deanta-scoil-bhride-a-dhunadh’-–a-bhfuil-i-ndan-do-scoil-bheag-sa-ghaeltacht-pleite-sa-dail

‘Níl aon chinneadh déanta Scoil Bhríde a dhúnadh’ –a bhfuil i ndán do scoil bheag sa Ghaeltacht pléite sa Dáil

Lorgaíodh soiléiriú i nDáil Éireann aréir faoin mbealach “aisteach” a fógraíodh go raibh cinneadh déanta go ndúnfaí scoil bheag Ghaeltachta i gConamara.

An Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly a cheistigh an tAire Oideachais Norma Foley faoin scéala go bhfuil Scoil Bhríde i Leitir Calaidh i gCeantar na nOileán le dúnadh.

Dúradh mar fhreagra ar cheist an Teachta Dála nach raibh aon chinneadh déanta ag pátrún na scoile, Deoise na Gaillimhe, maidir len í a dhúnadh.

Deimhníodh nach raibh aon teagmháil déanta ag Bord Bainistíochta na scoile leis an Roinn Oideachais faoi Scoil Bhríde a dhúnadh in ainneoin gur cuireadh in iúl do thuismitheoirí na scoile an mhí seo caite go raibh an scoil le dúnadh ag deireadh na scoilbhliana seo.

Tugadh le fios sa Dáil go raibh iarratas faighte ó Bhord Bainistíochta na scoile ar eolas maidir leis an bpróiseas a bhaineann le cónascadh scoileanna.

Cuireadh in iúl do thuismitheoirí na scoile coicís ó shin go raibh cinneadh glactha ag Bord Bainistíochta Scoil Bhríde an scoil a dhúnadh ag deireadh mhí an Mheithimh toisc líon na ndaltaí a bheith ag titim.

Tuairiscíodh ar an suíomh seo an tseachtain seo nach ndearnadh aon teagmháil oifigiúil leis an Roinn Oideachais maidir leis an gcinneadh an scoil a dhúnadh ná faoi chónascadh a dhéanamh le scoil eile.

Dúirt an Teachta Dála Catherine Connolly sa Dáil aráir gur chuir an scéal faoi dhúnadh na scoile Gaeltachta “iontas” ar dhaoine agus go gcaithfí cúrsaí a shoiléiriú.

“Chualamar trí na meáin chumarsáide go raibh an scoil ag dúnadh. Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta a chuir in iúl go mbeadh sé ag dúnadh ag deireadh na scoilbhliana seo.

“Chuir sé iontas orainne go léir, go háirithe tuismitheoirí agus muintir an cheantair. Tuigim go bhfuil an figiúr íseal sa scoil ó thaobh na ndaltaí de ach tá an chosúlacht ar an scéal tháinig an cinneadh aniar aduaidh ar na daoine sa cheantar agus, mar a dúirt mé na tuismitheoirí.

“Mo cheist ort inniu, i dtús báire tá mé ag iarraidh aird na Roinne a tharraingt ar an bhfógra seo go mbeidh an scoil ag dúnadh agus chomh maith leis soiléiriú a fháil an raibh an Roinn ar an eolas go raibh an scoil seo le dúnadh, an raibh teagmháil idir lucht bainistíochta na scoile agus an roinn.”

Dúirt Catherine Connolly gur chuir a “aistí” is a bhí an bealach gur fógraíodh go raibh an scoil le dúnadh “an-olc” ar mhuintir na háite agus thagair sí don chruinniú poiblí a eagraíodh faoin scéal Dé hAoine seo caite.

Mar fhreagra ar na ceisteanna, dheimhnigh an tAire Stáit Colm Brophy, a d’fhreagair na ceisteanna thar ceann an Aire Oideachais, nach raibh aon teagmháil déanta ag an mBord Bainistíochta leis an Roinn maidir leis an scoil a dhúnadh. Dúirt sé chomh maith nach raibh aon chinneadh déanta ag patrún Scoil Bhríde an scoil a dhúnadh.

Dhearbhaigh sé gurb é patrún na scoile a dhéanann cinneadh scoil a dhúnadh nó a chónascadh ach go gcaithfí dul i gcomhairle le dreamanna eile agus a leithéid de chinneadh a aontú leis an Roinn féin.

Dúirt sé go gcaithfí dul i gcomhairle le tuismitheoirí, múinteoirí, daltaí agus pobal na háite faoi aon mholadh scoil a dhúnadh nó a chónascadh agus go gcaithfí cinneadh a ghlacadh ag an “leibhéal áitiúil”.

Dúirt sé go gcaithfí moladh a scoil a dhúnadh nó a chónascadh a aontú ansin leis an Roinn Oideachais.

Dúirt Catherine Connolly go raibh gá le soiléiriú faoi cathain a lorgaíodh eolas ón Roinn maidir leis an bpróiseas a bhaineann le cónascadh scoileanna.

Dúirt Colm Brophy, Aire Stáit sa Roinn Gnóthaí Eachtracha, gurb é polasaí an Rialtais agus an Aire Oideachais tacaíocht láidir a thabhairt do scoileanna beaga.

Deir bord bainistíochta Scoil Bhríde go raibh siad i dteagmháil le Deoise na Gaillimhe, pátrún na scoile, mar gheall ar an scoil a dhúnadh.

Tá roinnt tuismitheoirí a bhfuil a ngasúir ag freastal ar Scoil Bhríde ag cur i gcoinne an chinnidh í a dhúnadh.

Dúradh nach raibh cruinniú ar bith ag an mbord bainistíochta leis na tuismitheoirí maidir leis an gcinneadh agus go raibh ceisteanna le freagairt.

Dúirt cathaoirleach bhord bainistíochta na scoile, Mícheál S. Mac Donnacha, an tseachtain seo caite nach bhféadfaí a rá cén scoil a ndéanfaí cónascadh léi mar go raibh cainteanna ar bun le dhá scoil sa cheantar.

Níos mó