Tá Seanadóirí agus Teachtaí Dála ag iarraidh tuairimí an phobail faoi fhoilsitheoireacht agus léitheoireacht na Gaeilge do thuarascáil nua atá á hullmhú i dTeach Laighean.
Tá Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge i mbun plé faoi láthair maidir le cúrsaí foilsitheoireacht agus léitheoireacht na Ghaeilge agus táthar anois ag iarraidh ar dhaoine a dtuairimí agus a moltaí a leagan faoi bhráid an choiste.
Tá sraith cruinnithe á dtionól ag an gcoiste agus ionadaithe ó na foilseacháin Ghaeilge, na comhlachtaí foilseacháin, leabharlanna agus roinnt scríbhneoirí ag teacht os a gcomhair le cur i láthair a dhéanamh.
Deir an coiste go bhfuil sé mar aidhm acu fáil amach céard iad na constaicí atá roimh lucht foilsitheoireacht agus léitheoireacht na Gaeilge agus conas gur féidir leis an Rialtas fáil réidh leis na constaicí sin agus tacú leis an earnáil fás agus forbairt.
Tá go dtí an 9 Bealtaine ag daoine le haighneacht scríofa a leagan faoi bhráid an choiste. Moltar go mbeadh na haighneachtaí i bhfoirm leictreonach agus go mbeadh siad scríofa i nGaeilge amháin, nó go dátheangach más gá.
Is féidir tuilleadh eolais faoi conas aighneacht a dhéanamh a fháil anseo.
Ag cruinniú i dTeach Laighean an tseachtain seo, rinneadh cur síos ar na dúshláin atá roimh na meáin scríofa Ghaeilge. Tugadh le fios go raibh na meáin scríofa in áit na leathphingine i gcomparáid le maoiniú na meán Gaeilge agus eagraíochtaí Gaeilge eile agus nach bhféadfaí an earnáil a fhorbairt gan acmhainní breise.
An mhí seo caite, dúirt Foras na Gaeilge gurb í ceist an mhaoinithe an dúshlán is mó a bhí le sárú.
“Ní easpa scríbhneoirí ná údair atá ar na foilsitheoirí ach easpa acmhainní,” a dúirt Regina Uí Chollatáin, Cathaoirleach Bhord Fhoras na Gaeilge, leis an gcoiste.