Dúirt Ard-Rúnaí na Roinne Sláinte inné go bhfuil a roinn ábalta a gnó go léir a dhéanamh trí Ghaeilge anois, ach níor éirigh leo leagan Gaeilge den ráiteas inar dhein sé an maíomh sin a chur ar fáil do Theachtaí Dála agus Seanadóirí.
Dúirt an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly gur masla a bhí ann nár cuireadh ar fáil ach leagan Béarla amháin den phíosa cainte a rinne Robert Watt ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge a bhí ar siúl i dTeach Laighean.
“Tá sé dona go leor go bhfuil an rud ar fad as Béarla ach anois níl an ráiteas Gaeilge ar fáil…
“Ba mhaith liom é a chur ar an taifead nach féidir glacadh leis nach bhfuil ráiteas Gaeilge ar fáil don Choiste Gaeilge. Is masla é,” arsa Catherine Connolly.
Tugadh le fios go mbeadh an t-aistriúchán Gaeilge ar ráiteas Watts ar fáil “níos déanaí” agus gabhadh leithscéal as gan é a bhí ar fáil don chruinniú.
Dúirt Cathaoirleach an Choiste, Aengus Ó Snodaigh, Sinn Féin, go raibh súil aige go dtógfadh an Roinn Sláinte ceann den méid a bhí le rá ag Catherine Connolly.
Agus é ag caint ag an gcruinniú den Choiste Oireachtais, mhaígh Robert Watt go raibh ceacht foghlamtha ó na “botúin go léir” a rinne an Roinn i leith na teanga le linn na paindéime agus go raibh na botúin curtha ina gceart.
“Tá sé ar ár gcumas anois gnó na Roinne go léir a dhéanamh trí Ghaeilge nó Béarla, de réir mar a theastaíonn.
“D’fhoghlaimíomar go leor le linn na paindéime agus ónár mbotúin go léir agus táimid meáite ar obair leis an HSE lena chinntiú go gcuirfear san áireamh riachtanais teanga in athchóiriú Sláintecare ar na seirbhísí sláinte agus i ndearadh agus soláthar na seirbhísí,” arsa Robert Watt agus é ag caint i mBéarla.
Dúirt Ard-Rúnaí na Roinne go raibh cumas níos fearr acu déileáil le comhfhreagras i nGaeilge agus seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge “dóibh siúd a bhfuil sé ag teastáil uathu nó ar mhaith leo iad”.
Tá cáineadh go leor déanta ar na húdaráis sláinte agus ar an rialtas mar gheall ar theip an stáit eolas agus seirbhísí faoin bpaindéim Covid-19 a chur ar fáil i nGaeilge. I mBéarla amháin a bhí formhór an eolais a foilsíodh faoin ngéarchéim ó thosaigh sí breis is dhá bhliain ó shin agus is minic go raibh moill ar ábhar i nGaeilge, má foilsíodh in aon chor é.
Ní raibh daoine ábalta clárú ar líne do vacsaíní i nGaeilge ná a gcuid gnó maidir leis na Teastais Dhigiteacha COVID a dhéanamh i nGaeilge, mar shampla.
Ghabh an Roinn Sláinte “leithscéal ó chroí” anuraidh as “éagóir” a dhéanamh ar an nGaeilge le linn na paindéime.
Dúirt an Coimisinéir Teanga an bhliain seo caite go mba dhóigh leis dá mbeadh paindéim eile ann amach go dtarlódh an rud céanna arís ó thaobh na Gaeilge. Dúirt sé gur chruthaigh an phaindéim nach mbíonn sé sé ar chumas an Stáit go minic “caitheamh go féaráilte leis an nGaeilge.”
Bhí Breitheamh Ard-Chúirte ar na daoine eile a chaith amhras ar chur chuige an Stáit i leith na Gaeilge le linn na paindéime.