Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
‘bhiodh-orm-a-ra-le-mo-mhathair-gan-an-‘glor-raidio’-a-usaid-sa-mbaile!’

‘Bhíodh orm a rá le mo mháthair gan an ‘glór raidió’ a úsáid sa mbaile!’

| kate scott | ,

Bhí mé ag streachailt le hinspioráid a aimsiú agus mé ag triail teacht aníos le rud éigin le scríobh le haghaidh mo dhialainne ollscoile an tseachtain seo. Faraor, fuair mé tástáil dhearfach antaigine do Covid-19 an tseachtain seo caite, agus bhí orm féin-aonrú i mo sheomra ar feadh seacht lá. Mar sin, ní raibh mé ábalta mórann a scríobh faoin ollscoil, os rud é nach raibh mé ábalta dul isteach chuig mo chuid léachtaí. 

Mar sin féin, cuireadh ar an eolas mé go bhfuil RTÉ Raidió na Gaeltachta leathchéad bliain ar an bhfód inniu. Agus mé ag suí sa mbaile, lán le trua dom féin agus mo chasacht ón víreas, thosaigh mé ag smaoineamh ar na nascanna atá agam féin le Raidió na Gaeltachta.

Mo chéad chuimhne ar Raidió na Gaeltachta ná nuair a bhí mé thart ar trí bliana d’aois agus mé féin agus mo dheartháir ag dul ar cuairt ar an stáisiún faoi Nollaig mar go raibh Daidí na Nollag ag teacht ann.  

Ar feadh na seachtaine roimh réidh, bhí muid ag tarraingt pictiúirí le seoladh isteach.  Nuair a tháinig an lá mór, cuimhním go leor gasúr as an gceantar a fheiceáil ann agus bhí an áit lán leis na pictiúir agus scéalta a bhí scríofa freisin.  Bhí milseáin agus rudaí deasa le fáil sular thug muid cuairt ar an bhfear mór é féin, nach orainn a bhí na sceitimíní!  Is cuimhne an-speisialta é seo dona gasúir uilig thimpeall ar an stáisiún i gConamara ach faraor ní thagann Daidí na Nollag go Casla níos mó.

Ár ndóigh, bhí mo mháthair fostaithe ag Raidió na Gaeltachta ar feadh roinnt blianta agus nuair a bhí mé níos sine, bhíodh mé istigh aici anois agus arís. Sa mbaile bhíodh muid ag éisteacht léi go minic ar an raidió agus cheap mé féin agus mo dheartháir go raibh sé chomh greannmhar a glór a chloisteáil ar an raidió. Bhíodh orm a rá léi scaití nuair a bhíodh sí ag léamh scéalta dúinn san oíche, gan a glór raidió a úsáid!

Agus mise ag fás aníos, bhíodh Adhmhaidin ar siúl agus muid ag fáil réidh le haghaidh na scoile agus Máirtín Tom Sheáinín tráthnóna agus muid ag dul abhaile ina diaidh.  Is minic a deirtí linn a bheith ciúin agus an fhuaim ar an raidió á chasadh suas, le cibé scéal is déanaí a chloisteáil freisin!

Cé nach bhfuil mo mháthair ar an raidió níos mó, bíonn RnaG sa gcúlra go minic, go háirithe ar maidin agus arís tráthnóna.  Go pearsanta mothaím go bhfuil ceangal agam féin le Raidió na Gaeltachta ach an t-aon rud ba mhaith liom a fheiceáil, ná go mbeadh Daidí na Nollag ann do mo chuid gasúir féin uair éigin san aimsir amach romhainn.

Níos mó