Tá geallta ag Cultúr Éireann go ndéanfaidh siad iarracht aitheantas idirnáisiúnta a bhaint amach do níos mó ealaíontóirí a bhíonn ag obair trí Ghaeilge.
I straitéis a sheol Cultúr Éireann le gairid, deir an eagraíocht go ndéanfar iarracht “ealaíontóirí a mbíonn tearcionadaíocht acu” a chur os comhair lucht féachana domhanda, ealaíontóirí a bhaineann úsáid as an nGaeilge ina measc.
Gealltar i Straitéis Chultúr Éireann 2022-2025 go rachfar “sa tóir” ar ealaíontóirí Gaeilge mar chuid de chur chuige “ionchuimsitheach”.
Deir Cultúr Éireann, a bhfuil sé mar chúram orthu ealaíontóirí na hÉireann a chur chun cinn go hidirnáisiúnta, go rachfar i dteagmháil le healaíontóirí nach bhfuil tacaíocht faighte acu ón eagraíocht roimhe seo le go mbeidh sé níos éasca d’ealaíontóirí le tacaíocht a fháil.
Faoi scáth na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán atá Cultúr Éireann agus dúirt urlabhraí de chuid na Roinne le Tuairisc go rabhthas tiomanta do níos mó ealaíontóirí ó phobal na Gaeilge a mhealladh.
Dúradh go raibh athbhreithniú á dhéanamh chomh maith ar phróiseas iarratais na heagraíochta le cinntiú gur féidir iarratas a dhéanamh i nGaeilge.
Deir Cultúr Éireann go bhfuil sé ríthábhachtach d’ealaíontóirí Éireannacha go mbeadh lucht féachana idirnáisiúnta acu.
Tá sé mar sprioc freisin sa straitéis nua dul i ngleic leis an athrú aeráide agus deir Cultúr Éireann go bhfuiltear chun béim a chur ar “chamchuairteanna inbhuanaithe” le hiarracht a dhéanamh lorg carbóin laghdaithe a bhaint amach.
Chun na spriocanna sa straitéis nua a bhaint amach, tá Cultúr Éireann chun plean cúig bliana a fhorbairt sna míonna amach romhainn.