Tá ráite ag Cathaoirleach Choiste Gaeilge an Oireachtais go bhféadfaí sciar d’fhógraíocht phoiblí a bhaint ó nuachtáin agus irisí nach ndéanann aon ábhar Gaeilge a fhoilsiú.
Dúirt Aengus Ó Snodaigh go bhfuil sé in am ag nuachtáin náisiúnta agus áitiúla ar fud na tíre níos mó a dhéanamh chun ábhar a chur ar fáil i nGaeilge
Dar leis an Teachta Dála de chuid Shinn Féin, d’fhéadfaí eagarthóirí na nuachtán a thabhairt os comhair Thithe an Oireachtais chun míniú a thabhairt ar an neamhaird a dhéantar ar an teanga ina gcuid foilseachán.
Agus é ag labhairt ag cruinniú de chuid Choiste na Gaeilge inné, d’iarr an Teachta Ó Snodaigh ar nuachtáin agus irisí ar fud na tíre cinneadh a dhéanamh “go mbeadh ailt Ghaeilge mar chuid dá seirbhís rialta dá gcustaiméirí agus dá léitheoirí.”
Mar fhreagra ar cheist ó Tuairisc.ie faoin gcaoi a bhféadfadh Tithe an Oireachtais ugach a thabhairt do na foilseacháin sin a dhéanamh, luaigh Ó Snodaigh an tAcht Teanga nua a ritheadh ag deireadh na bliana seo caite.
Faoin Acht sin, tá dualgas ar chomhlachtaí poiblí 20% dá bhfógraíocht a dhéanamh i nGaeilge agus 5% a dhéanamh ar na meáin Ghaeilge.
Dúirt Ó Snodaigh go bhfuil sé den tuairim nár chóir go gcuirfí an fhógraíocht sin i nGaeilge ar fáil i bhfoilseacháin nach raibh slí ann don teanga agus go bhféadfadh sin spreagadh a thabhairt d’eagarthóirí níos mó Gaeilge a fhoilsiú.
“D’fhéadfaí a mheabhrú dóibh go bhfuil deis airgid ann amach anseo. Bheadh mise ag impí ar an státchóras, agus ualach orthu fógraíocht a dhéanamh trí Ghaeilge, nach mbeadh siad ag tabhairt na bhfógraí sin d’fhoilseacháin nach bhfuil aon mheas acu nó nach bhfuil ag déanamh aon chlúdach ar rudaí as Gaeilge,” a dúirt Ó Snodaigh.
“Beidh bata ag an stát amach anseo mar beidh siad in ann a rá ‘Tá muid chun an t-airgead uile seo a chaitheamh ar na meáin Ghaeilge’ agus is slám mór airgid é, seachas é a chur chuig na meáin Bhéarla den chuid is mó.”
Le linn an phlé faoi chás fhoilsitheoireacht na Gaeilge i dTeach Laighean inné, thagair an scríbhneoir aitheanta agus iar-ollamh Alan Titley don easpa léirmheasanna ar leabhair Ghaeilge sna meáin Bhéarla agus dúirt go bhféadfaí eagarthóirí liteartha a thabhairt os comhair an Choiste chun na saothair a bhí ar fáil i nGaeilge “a chur ina luí orthu” agus iad “a náiriú ó am go chéile”.
Dúirt Ó Snodaigh go bhféadfaí an rud céanna a dhéanamh le heagarthóirí na nuachtán agus na n-irisí ar fud na tíre.
“B’fhéidir gur gá dúinn ceist a chur ar na heagarthóirí i gcoitinne teacht os comhair an choiste agus a mhíniú dúinn chomh tubaisteach is atá na nuachtáin sin ó thaobh na Gaeilge de,” a dúirt sé.
Mheas Ó Snodaigh go raibh sé in am acu a thuiscint nach bhfuil an Ghaeilge “scartha amach go hiomlán ón ngnáthshaol”, mar a thugann na meáin Bhéarla le fios, dar leis.
“Níos mó agus níos mó, tá sé soiléir go bhfuil an Ghaeilge níos lárnaí i saol an-chuid den phobal lasmuigh den Ghaeltacht ná mar a bhí.”
Ag cruinniú an choiste inné, iarradh ar Theachtaí agus Seanadóirí tacaíocht agus aitheantas breise a lorg ón stát agus ó na meáin Bhéarla do leabhair agus irisí Gaeilge.
Dúirt Alan Titley gur “geall le míorúilt” a bhfuil bainte amach ag lucht na bhfoilseachán Gaeilge “i lár na bailbhe”.
Mheas sé gur fhág easpa suime na meán Béarla go raibh “sciar maith de shaol na tíre” á cheilt ar chuid mhór den phobal.
Dúirt Cathal Goan, Cathaoirleach Bhord Comhar, gur “bac” na ciorruithe a rinneadh ar na meáin scríofa Ghaeilge le tamall de bhlianta anuas “ar fhorbairt seirbhísí atá ríthábhachtach do phobal na Gaeilge in Éirinn agus thar lear agus d’inmharthanacht na teanga féin”.