Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
‘san-irish-american-home-society-ata-an-guinness-is-fearr-i-meiricea’

‘San Irish American Home Society atá an Guinness is fearr i Meiriceá’

| muireann nic corcrain | ,

Tá deireadh tagtha le tréimhse ár gcolúnaí Muireann Nic Corcráin ar Fulbright i Meiriceá. Caitheann sí súil anseo ar chuid de na difríochtaí is mó idir an saol in Éirinn agus an saol i Meiriceá a chuaigh i bhfeidhm uirthi agus í thall.

Sular tháinig mé chun na Stát Aontaithe, tugadh rabhadh dom go mbuailfeadh an suaitheadh cultúir mé agus mé anseo. Níor thug mé mórán airde air sin, cheap mé toisc go raibh gaolta Meiriceánacha agam agus go raibh blas agam den chultúr Meiriceánach ó na meáin go mbeinn go breá agus go mbeadh deis ann mo scíth a ligeadh. 

Ach, mar a deirtear, ní mar a shíltear a bhítear, agus bhí orm dul i dtaithí ar fhrásaí, nósanna agus coincheapa nua. Seo a leanas na buaicphointí de m’aistear, agus níl dabht ar bith agam go mbeidh rudaí nua agam sula dtiocfaidh críoch le mo sheal i Meiriceá. 

Buataisí Peile = ‘Cleats’

Imrím go leor spóirt agus bhí áthas an domhain orm nuair a d’aimsigh mé CLG Hartford. Cé nach bhfuil foireann na mban na foireann camógaíochta acu (go fóill!), bíonn fáilte is fiche roimh fhoireann CLG UConn agus éinne eile chuig na seisiúin traenála. Is cuimhin liom lá a bhí dearmad déanta agam ar mo bhuataisí peile, agus d’iarr mé ar mo chara, Haley, an raibh péire buataisí breise aici. Ní raibh sí cinnte céard a bhí i gceist agam, agus nuair a phléigh muid é a thuilleadh, d’fhoghlaim mé an fhocal nua ‘cleats’. Seans mhaith go bhfuil an focal sin cloiste agatsa atá ag léamh an ailt seo faoi láthair, agus seans an-mhaith go raibh mé aineolach ar an bhfocal seo, ach chuir sé iontas orm go raibh muintir Mheiriceá beagán trína chéile nuair a d’úsáid mé an focal ‘buataisí’, agus iad ag smaoineamh faoi buataisí geimhridh. Úps.

Rud atá ar fheabhas (e.g bia) = ‘fire’

Bainimse féin úsáid as an bhfocal ‘class’ nó ‘deadly’ sa Bhéarla agus mé ag insint do mo chairde cé chomh iontach is a bheadh bia éigin a bheinn a ithe. Ach d’fhoghlaim mé ó mo chairde anseo go mbaintear úsáid as an bhfocal ‘fire’  in áit ‘class’ nó ‘deadly’, ach an bhrí chéanna ag baint leis. Chun a bheith macánta, bainimse úsáid as an bhfocal seo anois, agus cuirim Gaeilge air freisin. Ach arís, ní bhaininn úsáid as an téarma seo riamh sular tháinig mé anseo agus is aoibhinn liom an chaoi go mbíonn daoine chomh paiseanta faoin téarma seo.

Frásaí bainteach leis an ollscoil 

iCarly (2007)
Jennette McCurdy, Miranda Cosgrove
CR: Nickelodeon

Cé go raibh go leor téarmaí ollscoile/scoile ar eolas agam roimhe seo (míle buíochas Netflix, Suite Life of Zach and Cody, iCarly srl), bhí sé iontach difriúil iad a chloisteáil mórthimpeall ort gach lá, agus ag iarraidh an téarmaíocht ón mbaile a úsáid ina n-áit. Tá sé deacair cur síos ceart a dhéanamh ar an eispéireas seo dom, ach tá sé cosúil gur éirigh mé lá agus mé i lár clár teilifíse Meiriceánach do dhaoine óga, cineál osréalach! Ach sílim gur chabhraigh sé go mór liom a bheith beagán níos compordaí i dtimpeallacht nua nuair a bhí rudaí beaga mar sin ar eolas agam. 

Guinness – caighdéan i gcomparáid le hÉireann

Tá rud amháin iontach tábhachtach chun a shoiléiriú do chách: Tá an Guinness is fearr ar fáil in Éirinn, agus níl dabht ar bith faoi sin. Sin go breá libh? Ok, leanfaimid ar aghaidh.

Tar éis go leor Guinness a bhlaiseadh timpeall na tíre uilig anseo, is é mo thuairim go mbíonn an Guinness is fearr ar fáil san Irish American Home Society in Glastonbury, Connecticut. Cinnte, tá an Guinness i Nua-Eabhrac go maith (Connolly’s ar 47th St ach go háirithe), ach tá an Guinness san IAHS chomh fuar agus úr gach aon oíche a bhím ann, ní féidir le héinne m’intinn a athrú. Bainim triail as Guinness in áiteanna eile, ach bhí drochthaithí agam le pionta a fháil agus muid ar thuras go Notre Dame i mí na Samhna, creid é nó ná creid! Tá brón orm ‘Fighting Irish’, b’fhéidir gur drochphionta a bhí i gceist ach chuaigh sibh síos an liosta mar thoradh!

March Madness & Spiorad na Scoile

Níor thuig mé go díreach an cultúr atá anseo sna Stáit Aontaithe maidir le hearraí brandáilte UConn, nó Huskies, agus rudaí mar sin. Déantar iarracht é seo a dhéanamh in ollscoileanna in Éirinn, ach níl an tóir chéanna ann is atá le hollscoileanna anseo. Nuair a théann tú go dtí an siopa leabhar, tá an áit lán go béal le geansaithe, cupáin, hataí, t-léinte, greamáin, leabhair nótaí agus iad clúdaithe leis an lógó UConn, nó UConn Huskies, nó University of Connecticut. Agus bíonn ‘spiorad na scoile’ san fhoirm seo le feiceáil i rith na bliana, ach bíonn níos mó le feiceáil timpeall mhí an Mhárta. Glaoitear ‘March Madness’ ar an comórtas náisiúnta cispheile, agus tá stair láidir ag foireann na mban agus foireann na bhfear anseo in UConn sa chomórtas seo. 

Ní féidir casadh in aon treo gan cluiche cispheile a fheiceáil ar an teilifís nó tuairisc nó scéal Instagram maidir le March Madness i rith mhí an Mhárta! Agus níltear in ann éalú as anseo toisc gur bhain foireann na mban áit amach sa chraobh. Cé gur chaill siad, bhí sé soiléir go raibh chuile dhuine anseo iontach bródúil as an bhfoireann, agus bhí sé go deas an pobal ollscoile a fheiceáil aontaithe i mbealach mar sin.

Tóir na nGrúdlann

Ní raibh mé dall ar fad ar an tóir atá ar ghrúdlanna anseo toisc go bhfuil clú agus cáil timpeall an domhain ar an mbeoir Mheiriceánach, ach arís bhí sé difriúil dom nuair a thosaigh mé ag dul chuig na grúdlanna neamhspleácha timpeall na háite. Tá siad iontach deas, agus roghanna bia den scoth (táim i ngrá leis na pretzels ollmhóra agus cáis bheorach) agus an méid sin beorach, IPA, seltzers agus araile go dtógfaidh sé scór blianta orm gach ceann a bhlaiseadh. 

Is aoibhinn liom nuair atá téama nó réimse ar leith acu freisin, cosúil le Treehouse Brewery (réimsí cáiliúla timpeall na Stát Aontaithe), nó Connecticut Valley Brewing Company a bhfuil téama eitleán ann. Is aoibhinn liom an chaoi a bhfuil ealaín éagsúil ar na cannaí freisin, cheannóinn an canna don ealaín amháin uaireanta, ach ba mhaith liom taitneamh a bhaint as an mbeoir ag an am chéanna. An chéad chéim eile ná tuilleadh grúdlann a bhunú in Éirinn leis na háiseanna céanna is atá le fáil anseo, cinnte cabhróidh sé leis na Meiriceánaigh a thabhairt anall i rith an tsamhraidh!

Níos mó