Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ar díol agus ar cíos sa Ghaeltacht
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Folúntais
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
cruinniu-amhain-le-bliain-anuas-ag-grupa-oibre-a-bhunaigh-an-rialtas-chun-cursai-pleanala-sa-ghaeltacht-a-phle

Cruinniú amháin le bliain anuas ag grúpa oibre a bhunaigh an Rialtas chun cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht a phlé

| Padraic O Ciardha | ,

Tá ráite ag Teachta Dála go gcuireann sé “iontas” uirthi nár tháinig grúpa oibre a bhunaigh an Rialtas chun cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht a phlé le chéile ach uair amháin le bliain anuas, in ainneoin na “géarchéime” atá ann.

Dúirt an Teachta Dála Catherine Connolly gur léir nach bhfuil an Rialtas ag plé leis an gceist “ar bhonn práinne”.

Thug Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers le fios sa Dáil nach raibh ach cruinniú amháin ag an ngrúpa oibre a thionóil an Roinn Tithíochta i mí na Bealtaine 2021 chun gnéithe éagsúla den phróiseas pleanála sa Ghaeltacht a scrúdú. Tá ionadaithe ón Roinn Tithíochta, Roinn na Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta agus na húdaráis áitiúla a bhfuil ceantair Ghaeltachta á riaradh acu ina mbaill den ghrúpa oibre.

Dúirt an tAire Stáit go raibh grúpa idir-rannach eile bunaithe ag a Roinn agus an Roinn Tithíochta chun “tacú leis an obair atá ar bun agus chun dlús a chur leis”. Sé huaire a chas an grúpa sin le chéile ó mhí Feabhra 2021 agus  reáchtáladh an cruinniú is deireanaí aige an mhí seo caite.

Tá geallta ag an Aire Tithíochta Darragh O’Brien go bhfuil sé chun treoirlínte maidir le cúrsaí pleanála agus tithíochta sa Ghaeltacht a fhoilsiú ach tá an chuma ar an scéal anois nach mbeidh siad foilsithe go dtí an bhliain seo chugainn in ainneoin gur dhúirt an tAire go mbeadh siad réidh roimh dheireadh 2021.

Tá díomá léirithe ag Conradh na Gaeilge agus polaiteoirí faoin moill agus ráite ag an gConradh gur léiriú í ar an ngá le hionadaithe ó phobal na Gaeltachta páirteach san obair atá ar bun ag na ranna rialtais, éileamh a bhfuil diúltaithe dó go dtí seo.

Agus é ag labhairt sa Dáil an tseachtain seo, d’admhaigh Aire Stáit na Gaeltachta nach raibh an córas atá ann faoi láthair ó thaobh chúrsaí pleanála sa Ghaeltacht ag obair agus sé gur cheist “an-phráinneach” a bhí inti. Dúirt sé go mbíonn oifigigh ina roinn i dteagmháil leis an Roinn Tithíochta ar an ábhar “an t-am ar fad”.

Mheas an Teachta Dála Catherine Connolly, a cheistigh an tAire Stáit faoi obair an ghrúpa oibre, nach raibh a dhóthain déanta ag an Rialtas chun an scéal a bhrú ar aghaidh.

Ghabh an Teachta Dála Neamhspleách buíochas leis an Aire Stáit as an eolas a chur a fáil ach dúirt sí gur chuir a fhreagra iontas uirthi.

“An rud atá ag teastáil go géar ná treoirlínte, polasaithe agus beartais. Cheap mé, mar bhall [de Choiste Gaeilge an Oireachtais atá ag scrúdú an ábhair], go raibh sé sin ag tarlú ar bhonn práinne, ach tá an chosúlacht ar an scéal nach bhfuil. “Níor tháinig an grúpa oibre sin le chéile ach uair amháin. Tá breis agus bliain caite agus níor tháinig siad le chéile ach uair amháin.”

Dúirt an Teachta Connolly go raibh sé soiléir ón bhfianaise a bhí tugtha do Choiste Oireachtais na Gaeilge go raibh “easpa tuisceana” ann ó thaobh na n-údarás áitiúla maidir leis na dualgais a bhí orthu ó thaobh na pleanála sa Ghaeltacht.

Thagair sí freisin don mhéid a bhí le rá ag an gCoimisinéir Teanga ina thuarascáil bhliantúil faoi chásanna a tháinig chun cinn i gcontae na Mí agus i gCiarraí.

Dúirt an Teachta de chuid Ghaillimh Thiar gur léiriú ar an bhfadhb sin líon na dtithe atá “folamh agus tréigthe” i gceantair ar nós Cheantar na nOileán i gConamara agus freisin na deacrachtaí a bhí ag daoine cead pleanála a fháil sa Ghaeltacht.

Níos mó

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge