‘Táimid chomh bródúil,’ arsa rúnaí Chumann Naomh Anna Leitir Móir, Mary Uí Loingsigh, i ndiaidh Chomórtas Peile na Gaeltachta 2022 agus is cinnte gur údar gaisce a bhí i reáchtáil an chomórtais a thuill ardmholadh ó chumainn agus ó chuairteoirí. Pictiúir: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie
Captaen fhoireann Béal Átha an Ghaorthaidh Cian Ó Duinnín ag ardú Corn an Aire a bhronn Uachtarán CLG Labhrás Mac Carthaigh air. Ar dheis tá cathaoirleach choiste náisiúnta an Chomórtais, Seán Ó hEarcáinAn tAire Stáit Jack Chambers ag oscailt an tseastáin nua ar Pháirc an Mháimín i gConamara Dé hAoine. I dteannta an Aire bhí an Comhairleoir Pádraig Joe Joe Mac an Iomaire, an Seanadóir Seán Kyne, Seosamh Ó Laoi agus feidhmeannaigh choiste Naomh Anna Leitir Móir, ó chlé: Teresa Ní Cheallaigh, cisteoir; Mary Ní Loingsigh, rúnaí; Róisín Nic Leoid, Cathaoirleach; Evan Ó Gríofa, Edel de Paor; Delia Ní Ghríofa agus Annabel Ní Chonghaile.An seastán nua ar Pháirc an MháimínNaomh Anna, Leitir Móir agus An Cheathrú Rua, i gcluiche oscailte an chomórtais ar Pháirc an MháimínNa sluaite ina suí ar sconsa na páirce ag an gcéad chluiche den ChomórtasSúil eile sa slua Cora an Ghiolcaigh, Leitir Móir ag cur fáilte roimh chuairteoiríCiarraígh ag comhrac, An Daingean agus An Ghaeltacht in adharca a chéile ar Pháirc an Chathánaigh, An Cheathrú Rua. Bhuaigh An Ghaeltacht. Lucht leanta Chumann Caide na GaeltachtaDuine de lucht leanta fhoireann na Gaeltachta, Micheál Toose Mac GearailtCiarán Ó Feinneadha, Na Gaeil Óga, agus Dara Ó Cinnéide, RnaG, ag Páirc an Chathánaigh, An Cheathrú RuaLorcán Ó Cuirrín, An Rinn in aghaidh Bhulf Tón, Co. na Mí, Dé Sathairn, ar Pháirc Ros an Mhíl. An bua ag Bhulf Tón.Damien Ó Dónaill i mbun tráchtaireachta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta i Ros an MhílNa Piarsaigh, Ros Muc in aghaidh Ghaeil Fhanada, Dún na nGall.Seán Ó Cuirrín, Carna Caiseal, ag éalú ó lucht Ghaeil Fhanada i gcluiche sóisir ar Pháirc Ros an Mhíl. An bua ag Gaeil FhanadaMaor an uisce Seilbh na liathróide ag Dónall Ó Cualáin, Bearna ar Pháirc an Mháimín ach súil ghéar airMáirtín Tom Ó Laoi, as Leitir Móir, ag baint sásamh as an gComórtasPáirc an MháimínDubh is ómra Naomh Anna Leitir MóirDarragh Ó Muirithe, Béal an Mhuirthead, á fhaire ag Caolán Mac Monagail, Naomh ConaillBainisteoir Bhéal an Mhuirthead, Liam McHale, ag tabhairt treorach. Na Cailíní Gaelacha. Ó chlé: Éabha Ní Chathasaigh, Carna Caiseal; Sadhbh Ní Fhaoláin, An Rinn; Shauna Ní Ghallachóir, Dún na nGall; Ciara Ní Ghionnáin, Na Piarsaigh Ros Muc; Méabh Ní Shúilleabháin, Béal Átha an Ghaorthaidh; Ruth Ní Chullaigh, Clann na nGael agus Caoimhe Ní Thuathail, Naomh Anna Leitir Móir. Bronnadh gradam na bliana seo ar Éabha Ní Chathasaigh, Carna CaisealDubh agus ór ag lonradh faoi sholas na géine tráthnóna. Judy agus Bríd Sonny McDonagh, Cora an GhiolcaighTeastaíonn plaic ó gach éinne – fiú le linn cluicheJustin Ó hÉilí, Cill Chomáin, ag lascadh na liathróide i dtreo an chúil beag beann ar Darren Ó Ceallaigh agus Peadar Mac GearraighGáir ríméid ó Bhreandán Ó Móráin, Cill Chomáin, tar éis dó cúl na cinniúna a scóráil in aghaidh Chlann na nGael sa chluiche leathcheannais Meas tú cén fhoireann a dtacaíonn siad seo léi?Angela Uí Chonghaile, Muireann (bliain go leith d’aois); Pádraic agus Mairtín Ó ConghaileCaitríona Ní Dhochartaigh, Cill Chomáin, Maigh Eo, v Naomh Anna Leitir Móir, Co na Gaillimhe i gcluiche leathcheannais na sinsear, Dé DomhnaighCarna Caiseal club an pháiste ach dathanna na Ceathrún Rua ina thimpeall!Caoimhe Ní Chonchubhair, An Cheathrú Rua, faoi bhrú ag Róisín Ní Ghionnáin, Micheál Breathnach, i gcluiche ceannais na sóisear, Dé DomhnaighShona Ní Shé, An Cheathrú Rua, á taicleáil ag Aifric Ní Ghibne, Micheál Breathnach i gcluiche ceannais na sóisear. Foireann Mhicheál Breathnach, Cois Fharraige a thug leo an chraobh.Micheál Breathnach, Indreabhán, Co na Gaillimhe, buaiteoirí chraobh sóisear na mban, Comórtas Peile na Gaeltachta 2022, tar éis dóibh An Cheathrú Rua a chloí, Dé DomhnaighCúl á scóráil ag Naomh Conaill, Co Dhún na nGall in aghaidh Naomh Anna, Leitir Móir i gcluiche leathcheannais sinsear na bhfear, Dé Domhnaigh. 2022. Bhí an bua ag Naomh Conaill tar éis am breiseSíleadh gur an-sábháil a bhí anseo ag cúl báire Chill Chomáin ach an fíor gach a síltear? Bhí slua breá lucht leanta ag Gaeil Fhanada ag tacú lena bhfoireannCathal Ó Dochartaigh, Cill Chomáin, ag tabhairt na gcos leisBuille na cinniúna. Cuireann Séamus Mac Giolla Chearra, Gaeil Fhánada, an liathróid in eangach Chill ChomáinMarc agus Rian Mac Conaglaigh, ag ardú Corn Gael Linn tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Ghaeil Fhánada i gcluiche ceannais na Sóisear, Comórtas Peile na GaeltachtaPeileadóirí Ghaeil Fhánada ag ceiliúradh a mbuaComhairle a leasa á tabhairt do mhná Ghleann Fhinne ag an lucht bainistíochta roimh thús an chluiche ceannaisDanielle Nic Fhionnaile, Gleann Fhinne, ar ruathar aonair sa chluiche ceannaisMairéad Ní Loingsigh ar cheann dá cuid ruathar iontach do Naomh Anna Leitir MóirCaoimhe Ní Thuathail (2) agus Sóirse Ní Icí, Naomh Anna, cos ar chois le Gleann FhinneSábháil iontach eile déanta lena cois ag cúl báire Naomh Anna Leitir Móir, Caoimhe Ní LaoiCiara Ward agus Sharon Conaghan ag ardú an choirn a bhronn Róisín Nic Leoid, Cathaoirleach Chumann Naomh Anna Leitir Móir, orthu agus cluiche ceannais sinsir na mban crochta leo acuImreoirí agus páistí ag ceiliúradh bua Ghleann FhinneCúl á scóráil sa chéad chúpla nóiméad ag Conchúir Ó Loingsigh, Béal Átha an Ghaorthaidh, le linn chluiche ceannais sinsir na bhfearDonagh Seartan, Béal Átha an Ghaorthaidh agus Conchubhair Ó Rabhartaigh, Naomh Conaill ag coraíochtFoireann Bhéal Átha an Ghaorthaidh, Corcaigh, ag ceiliúradh a mbua sa chraobh shinsir ag Comórtas Peile na Gaeltachta ar Pháirc an Mháimín, Leitir Móir, Co na Gaillimhe. Thug siad cuireadh chun ceiliúrtha leo do bhean Chonamara. Chuir Ann Callanan Ní Chéidigh as na hAille, Indreabhán, Conamara – atá sa phictiúr – a teach ar fáil mar lóistín don fhoireann tamall gearr roimh an gcomórtas. Chuaigh a flaithiúlacht i gcion go mór ar an bhfoireann agus níor dhearmad siad í nuair a bhuaigh siad an corn.