Tá an craoltóir aitheanta Gormfhlaith Ní Thuairisg ag fágáil Raidió na Gaeltachta tar éis breis is fiche bliain.
Tá láithreoir Adhmhaidin, príomhchlár cúrsaí reatha RnaG, le dul ag obair le hÚdarás na Gaeltachta mar Bhainisteoir Margaíochta agus Cumarsáide.
Cailliúint mhór do Raidió na Gaeltachta agus d’iriseoireacht na Gaeilge a bheidh in imeacht Ní Thuairisg atá áirithe ar dhuine de na craoltóirí is cumasaí agus is géarchúisí sa tír.
I 1999 a thosaigh an craoltóir as an Lochán Beag in Indreabhán ag obair le Raidió na Gaeltachta agus ag plé le cúrsaí reatha agus nuachta a bhí sí ó shin i leith. Tá sí ina láithreoir ar Adhmhaidin le deich mbliana anuas agus í ar dhuine de na pearsana is mó a shamhlaítear leis an tseirbhís. Sular thosaigh sí le Raidió na Gaeltachta thug sí tréimhse ag léamh na nuachta ar bhonn páirtaimseartha ar theilifís RTÉ agus thug sí seal chomh maith ag obair le hInstitiúid Teangeolaíochta Éireann.
De réir sonraí a poist nua mar Bhainisteoir Margaíochta agus Cumarsáide Údarás na Gaeltachta beidh sí freagrach as polasaithe cumarsáide agus caidrimh phoiblí na heagraíochta agus as cur le “cáil” agus “íomhá” na heagraíochta go “náisiúnta agus idirnáisiúnta”.