Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
suil-leis-na-ceadta-ag-feile-na-gealai-an-deireadh-seachtaine-seo

Súil leis na céadta ag Féile na Gealaí an deireadh seachtaine seo

| NÓS Suíomh Gréasáin | ,

Cruinneoidh na Gaeil ó cheann ceann na tíre i Ráth Chairn na Mí tráthnóna le haghaidh Fhéile na Gealaí. Táthar ag súil leis na céadta ar pháirc peile Ráth Chairn ag an deireadh seachtaine, mar a mbeidh ceol, ealaín, agus craic ar siúl maidin agus oíche. 

“Is féile cheannródaíoch í seo a thugann ardán do cheoltóirí comhaimseartha na Gaeilge a gcuid ceoil a cur i láthair lucht féachána le Gaeilge nó le suim acu sa teanga. Is deis a bheidh ann do lucht labhartha na Gaeilge teacht le chéile agus ceiliúradh a dhéanamh ar an chumadóireacht nua-aimseartha sa Ghaeilge chomh maith leis na healaíona dúchasacha.

“Beidh meascán do cheol pop, raic, reggae, punc, traidisiúnta agus rap le cloisteáil agus é ar fad i nGaeilge. Ar an bpríomhardán i mbliana, beidh Kíla, Jiggy, Sibéal, Tuath, Clare Sands, Súil Amháin, Ushmush, Bandia, Na Fae, Súp agus Brighde Chaimbeul agus Ross Ainslie ó Albain,” a dúirt eagraithe na féile. 

Cuirfear tús leis an gceol anocht ag 17.30 nuair a bheidh Sibéal ar an ardán agus leanfar ar aghaidh leis go dtí go gcuirfidh Jiggy deireadh leis an oíche ag 21.15. Amárach is iad Súp a chuirfidh tús le ceol an tráthnóna ag 16.00 agus an banna ceoil mór le rá Kíla a chuirfidh clabhsúr leis an bhféile ag 21.15. 

Anuas ar na coirmeacha ceoil a bheidh ar siúl ag an deireadh seachtaine cuirfear siamsaíocht eile ar fáil do na Gaeil a thiocfaidh go Gaeltacht na Mí. Beidh seónna grinn ann ó Julie Jay agus ó GhaelGAÍRÍ, déanfar taifead beo ar an bpodchraoladh iomráiteach Beo Ar Éigean, stiúrfaidh na hamhránaithe aitheanta as Ráth Chairn Máire agus Étáin Ní Churraoin imeacht ‘Péinteáil agus Port’, beidh an grúpa malartaithe  ‘Aonach Amárach’ i láthair, agus beidh ócáid Bhróid ar bun ag an gcomharghrúpa aiteach Aerach Aiteach Gaelach. 

Beidh Lá Teaghlaigh ar siúl amárach freisin, agus imeachtaí ar siúl do pháistí. Tá saorchead isteach do pháistí faoi bhun 18 mbliana d’aois ach tuismitheoir nó caomhnóir atá os cionn 25 bliana d’aois a bheith in éineacht leo. Ar na himeachtaí a bheidh ar siúl do dhaoine óga, beidh ‘Am Scéalaíochta agus Ceardaíochta’ (10.30 – 11.30), ‘Preab sa Cheol’ (12.30 – 14..00), agus ‘Steam – Tar agus Tóg Linn’ (14.30 – 15.30). Beidh na himeachtaí ar fad ar siúl i Leabharlann Ráth Chairn.

Beidh stainníní bia ar an láthair i gcaitheamh na féile freisin. Beidh The Coffee Lab ann óna 15.00 tráthnóna go dtí 13.30 Dé Domhnaigh, beidh Caifé Ráth Chairn ar oscailt amárach agus Dé Domhnaigh idir 8.00 agus 11.00 le rollaí bricfeasta a dhíol leis an slua, beidh PIMT & Co Pizza ann ó 17.00 – 21.00 anocht agus san oíche amárach, agus beidh burgairí á ndíol ag Lough Owel Organic Farm ó 17.00 – 22.00 anocht agus ó 13.00 – 21.00 amárach. Moltar do lucht freastail na féile airgead tirim a thabhairt leo le híoc as bia.

Tá roinnt ticéad fós ar fáil anseo.

Níos mó