Tá go leor dualgais éagsúla faoi chúram Chonradh na Gaeilge. Tá trí phost á bhfógairt ag an gConradh faoi láthair i réimsí áirithe; seo daoibh thíos achoimre ghearr orthu. Má tá aon cheist agaibh orthu, bí i dteagmháil linn ag post@cnag.ie.
Is ról é seo a bhaineann le stocaireacht agus gníomhú ar son na Gaeilge.
D’fheilfeadh an ról seo d’aon duine a bhfuil suim acu i gcúrsaí polaitíochta, ar stádas agus cur chun cinn na Gaeilge.
Faigh gach eolas faoin mBainisteoir Abhchóideachta anseo.
Is cairt-stáisiún ceoil é Raidió Rí-Rá a bhíonn ag craoladh go hiomlán trí Ghaeilge.
Bíonn an ceol ar fad ó na cairteacha le cloisteáil ar an stáisiún, mar aon le nuacht siamsaíochta, an nuacht spóirt agus an nuacht scannánaíochta is déanaí. Tá Raidió Rí-Rá le cloisteáil 24/7 ar líne, ar an raidió DAB nó is féidir aip Raidió Rí-Rá a íoslódáil saor in aisce. Beidh an té a cheapfar i gceannas ar an sceideal, ag plé le foireann an stáisiúin agus i bhfad níos mó. Is ról suimiúil leathan é seo d’aon duine a bhfuil suim acu sna meáin agus sa chraoltóireacht.
Léigh tuilleadh faoi Bhainisteoir Raidió Rí-Rá anseo.
Is tionscadal nua meantóireachta, gradaim agus aitheantas é Gníomhaí Gaeilge do dhaoine atá gníomhach leis an nGaeilge sa Tríú Leibhéal, reáchtáilte ag Conradh na Gaeilge agus Aontas na Mac Léinn in Éirinn.
Tá sé i gceist ag an gConradh Comhordaitheoir a fhostú le tacaíocht agus comhordú a chur ar fáil don chóras seo. Beidh comhordú ar an meantóireacht, na ceardlanna oiliúna agus an searmanas Gníomhaí Gaeilge á reáchtáil ag an duine a cheapfar.
Tuilleadh eolais faoin gComhordaitheoir, ‘Gníomhaí Gaeilge’ anseo.