Ní bheidh cead feasta díolúine ón nGaeilge a fháil sa Ghaeltacht ach amháin sa 25% de scoileanna Gaeltachta atá ag feidhmiú trí Bhéarla amháin.
De réir figiúirí nua, ceadaíodh díolúine ón nGaeilge do 383 dalta in iarbhunscoileanna Gaeltachta le cúig bliana anuas.
29 iarbhunscoil atá sa Ghaeltacht agus cé go bhfuil siad ar fad páirteach sa pholasaí oideachais don Ghaeltacht, bíonn ocht gcinn acu ag teagasc trí Bhéarla amháin. 132 bunscoil atá sa Ghaeltacht agus bíonn 32 díobh ag teagasc trí Bhéarla.
Dheimhnigh an tAire Oideachais Norma Foley d’urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh, nach ceadmhach díolúine ón nGaeilge a bhronnadh feasta ach amháin sna scoileanna sin a bhíonn ag teagasc trí Bhéarla. Idir 2017-2022 bhain 324 den 384 díolúine a ceadaíodh do dhaltaí iarbhunscoile Gaeltachta le scoileanna nach mbíonn aon ábhar á mhúineadh trí Ghaeilge iontu.
Díolúintí a deonaíodh in Iar-Bhunscoileanna atá lonnaithe sa Ghaeltacht sa tréimhse 2017-22: | |
---|---|
Gach ábhar á múineadh do gach dalta trí mheán na Gaeilge | 10 |
Gan aon ábhar á múineadh trí mheán na Gaeilge | 324 |
Gach ábhar á múineadh do roinnt daltaí trí mheán na Gaeilge | 20 |
Roinnt ábhar á múineadh do roinnt daltaí trí mheán na Gaeilge | 29 |
Iomlán | 383 |
Níor ceadaíodh ach 19 díolúine ón nGaeilge i mbunscoileanna Gaeltachta idir 2017-2022 agus bhain formhór na ndíolúintí sin le scoileanna ina mbíonn ‘roinnt ábhar’ á múineadh trí Ghaeilge.
Díolúintí a deonaíodh i mBunscoileanna atá lonnaithe sa Ghaeltacht sa tréimhse 2017-22: | |
---|---|
Roinnt ábhar trí mheán na Gaeilge | 12 |
Gach ábhar trí mheán na Gaeilge | 1 |
Gan aon ábhar trí mheán na Gaeilge | 6 |
Iomlán | 19 |
Léirigh anailís de chuid Tuairisc le gairid go raibh díolúine ón nGaeilge ag 41,148 dalta iarbhunscoile sa stát anuraidh, 11% den líon iomlán. Sin ardú ó 2.5% in 1999.
D’ardaigh líon na ndíolúintí ón nGaeilge a deonaíodh do dhaltaí iarbhunscoile anuraidh beagnach 25%.
Tá líon ard na ndaltaí a fhaigheann díolúine ón nGaeilge ina ábhar gearáin ag grúpaí a bhíonn ag plé leis an nGaeilge sa chóras oideachais. Glactar leis go bhfuil daltaí ann a bhfuil deacrachtaí foghlama acu a bhainfeadh leas as díolúine ón nGaeilge, ach maítear nach mbeadh ach 2-3% de dhaltaí i gceist ansin.
Tá cáineadh déanta ag dreamanna a bhíonn ag plé leis an nGaeilge sa chóras oideachais ar an athbhreithniú a rinne an Roinn Oideachais i mbliana ar na hathruithe a rinneadh in 2019 ar chóras na ndíolúintí agus d’fhógair Coiste Gaeilge an Oireachtais an tseachtain seo go rabhthas chun an córas a phlé ag sraith cruinnithe i rith an fhómhair.