Deir Aire Stáit nua na Gaeltachta Patrick O’Donovan go bhfuil a chuid Gaeilge “beagnach caillte” aige agus go bhfuil sé chun dul go dtí Gaeltacht Chorca Dhuibhne le linn saoire na Nollag le tús a chur le hathfhoghlaim na teanga.
Dúirt sé go raibh an Ghaeilge agus an Ghaeltacht “an-tábhachtach” dó agus go raibh sé “ag tnúth go mór” lena phost agus le feabhas a chur ar a chuid Gaeilge.
Bhíodh “an-chuid” Gaeilge aige nuair a bhíodh sé ina mhúinteoir ach “ar nós go leor daoine” chaill sé go leor di, a dúirt sé.
Is é O’Donovan an dara duine as Luimneach a bhfuil príomhchúram aireachta na Gaeltachta air.
Bhí Tom O’Donnell, arb as Cill Mocheallóg i gcontae Luimnigh dó, ina aire Gaeltachta idir 1973-1977, le linn chomhrialtas Liam Cosgrave.
In agallamh le TG4 agus Raidió na Gaeltachta, thug an tAire Stáit Gaeltachta nua le fios nach raibh tuairim dá laghad aige go raibh cúram na Gaeltachta i ndán dó.
Dúirt sé go ndúirt an Taoiseach Leo Varadkar leis go raibh “bronntanas na Nollag” aige dó, is é sin go raibh cúram na Gaeltachta á chur aige lena chúram mar aire stáit d’Oifig na nOibreacha Poiblí.
Dealraíonn sé gur ag na nóiméad deireanach a socraíodh cá rachadh aireacht stáit na Gaeltachta.
Tháinig ceapachán O’Donovan, arb as an gCaisleán Nua i Luimneach dó, aniar aduaidh ar dhaoine agus tuairimíocht láidir ann gurb í an Príomh-Aoire nua Hildegarde Naughton, a comhghleacaí Brendan Griffin nó Thomas Byrne Fhianna Fáil a thiocfadh i gcomharbacht ar Jack Chambers.
Dúirt Brendan Griffin gur dhiúltaigh sé d’aireacht stáit mar gheall ar chúinsí teaghlaigh.
Tuairiscítear gur tairgeadh rogha post dó.
Bhí Patrick O’Donovan, iarmhúinteoir scoile atá 45 bliain d’aois, ar dhuine den 35 Teachta Dála a dúirt le Tuairisc aimsir an toghcháin dheireanaigh go raibh sé ar a gcumas agallamh beo a dhéanamh leis na meáin chraolta Ghaeilge.
Cé nach é is líofa i nGaeilge, tá ráitis déanta i nGaeilge aige sa Dáil agus sna meáin.
Bhí sé ina aire stáit don OPW, Oifig na nOibreacha Poiblí roimhe seo, cúram a choimeádfaidh sé, agus roimhe sin bhí sé ina aire stáit don spórt.
Toghadh chun na Dála ar dtús é in 2011 agus bhí sé ina chomhairleoir contae do cheantar an Chaisleáin Nua idir 2003-2011.
Maireann sé i Móin Achaidh Ghae i Luimneach lena bhean Eileen agus a dtriúr páistí.
Tá Hildegarde Naughton, an Teachta Dála do Ghaillimh Thiar, ceaptha ina haire stáit sa Roinn Sláinte.
Beirt chúlbhinseoirí nua atá ceaptha ina n-airí stáit, Jennifer Carroll MacNeill (FG) agus Kieran O’Donnell (FG). Beidh O’Donnell ina aire stáit sa Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus beidh Jennifer Carroll MacNeill ina haire stáit nua sa Roinn Airgeadais.
Ar na daoine eile a bhfuil post nua faighte acu tá Peter Burke (FG) atá ceaptha ina Aire Stáit do Ghnóthaí Eorpacha.