Tá an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill ag éirí as a chúram chun dul ag obair le Coimisiún na Meán.
Beidh Ó Domhnaill, atá ina Choimisinéir Teanga ó 2014, ina Choimisinéir um Fhorbairt na Meán leis an rialálaí nua.
D’fhógair Aire na Gaeltachta Catherine Martin ceapachán Uí Dhomhnaill ar maidin.
Beidh sé ar dhuine de thriúr coimisinéirí a bheidh ag obair don Choimisiún nua atá á bhunú in áit an BAI.
Beidh forbairt na meán Gaeilge i measc na gcúraimí a bheidh ar Ó Domhnaill ina phost nua.
Is é a bheidh freagrach as an athbhreithniú cuimsitheach ar sholáthar seirbhísí Gaeilge sna meáin atá beartaithe ag an gCoimisiún nua.
“Onóir cheart chríochnaithe” a bhí ina thréimhse ocht mbliana mar Choimisinéir Teanga, a dúirt Ó Domhnaill.
“Tá bród as cuimse orm as an dúthracht mhór a chaith foireann m’Oifige le cearta teanga a chur chun cinn i measc an phobail ar bhonn leanúnach,” a dúirt sé.
Dúirt sé go gcabhródh Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 “le daingniú a dhéanamh ar chultúr agus cleachtas na gceart teanga san earnáil phoiblí”.
“Is beart tairbheach é go bhfuil Coiste Comhairleach bunaithe ag an Rialtas chun Plean do Sholáthar Seirbhísí Stáit trí Ghaeilge a ullmhú.
“Is cinnte go mbeidh obair an Choiste cinniúnach chun an sprioc 20% d’earcaithe nua sa tSeirbhís Phoiblí a bhfuil inniúlacht sa Ghaeilge acu a bhaint amach faoi 2030. Ardtosaíocht phráinneach náisiúnta atá ann, dar liom.”
Ar na rudaí is suntasaí a rinne sé le linn a thréimhse in Oifig an Coimisinéara Teanga bhí imscrúdaithe faoi chraoladh an Gaeilge ar RTÉ, faoi pholasaí na Roinne Oideachais maidir le soláthar oideachais lán-Ghaeilge agus dualgas na n-údarás áitiúil maidir le gnóthaí pleanála sa Ghaeltacht.
Leag sé tuarascáil speisialta faoi bhráid Thithe an Oireachtais a bhain le heaspa Gardaí ar cainteoirí Gaeilge iad sa Ghaeltacht agus bhain tuarascáil eile a leag sé faoi bhráid an Rialtais le faillí an chórais Eircode i leith na Gaeilge.
I lár mhí Feabhra a rachaidh Rónán Ó Domhnaill i mbun a chúraim nua. Trí bliana a bhí fágtha aige ina dhara téarma mar Choimisinéir Teanga agus beidh folúntas le líonadh anois san oifig sin.
Ina ról mar an Coimisinéir um Fhorbairt na Meán beidh Ó Domhnaill freagrach as moltaí áirithe i dTuarascáil an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán a chur i bhfeidhm.
I measc na moltaí sin tá comhionannas, éagsúlacht agus ionchuimsitheacht a chur chun cinn in earnáil na meán; athbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh ar sholáthar seirbhísí Gaeilge in earnáil na meán trí chéile; agus scéimeanna tacaíochta nua a chur ar fáil d’earnáil na meán trí chéile.
Is é an Coimisinéir um Fhorbairt na Meán a dhéanfaidh stiúradh ar thionscnaimh oideachais agus oiliúna maidir le feidhmeanna an Choimisiúin, i gcomhar le comhpháirtnéirí ábhartha in earnálacha an oideachais agus na meán.
Dúirt Rónán Ó Domhnaill go raibh sé ag súil leas earnáil na meán a chur chun cinn le Coimisiún na Meán agus a bheith ag obair le Cathaoirleach Feidhmiúcháin an Choimisiúin agus an bheirt Choimisinéirí eile a bheidh ag obair don rialálaí nua.