Tá an baol ann gur stát “aonteangach” a bheidh in Éirinn mura mbíonn athrú meoin sa státchóras maidir leis an nGaeilge.
B’in a bhí le rá ag Ardstiúrthóir TG4, Alan Esslemont, agus é ag labhairt os comhair Choiste Oireachtais na Meán i dTeach Laighean inné.
Dúirt Esslemont go raibh dearcadh nua ag teastáil maidir le maoiniú na meán Gaeilge nó go rachadh an teanga in éag.
Dúirt sé gurb é an Béarla mórtheanga na hÉireann agus go bhfaigheann na meáin Bhéarla maoiniú suntasach ón stát agus ó fhoinsí tráchtála. Maidir leis an nGaeilge, ba chosúil, a dúirt sé, go raibh dearcadh an stáit bunaithe ar an meoin nár cheart go mbeadh ach “suimeanna beaga maoinithe ar fáil mar gheall nach bhfuil ann ach líon beag cainteoirí”.
Mheas Ardstiúrthóir TG4 go bhfuil athrú ag teastáil más leis an stát chun tacaíocht cheart a thabhairt don Ghaeilge.
“Ní straitéis í seo a théann i ngleic le hathrú teanga nó a chaomhnaíonn éagsúlacht teanga. A mhalairt, cuideoidh an straitéis seo le hathrú teanga in Éirinn a thiomáint agus a luathú i dtreo stát atá aonteangach.”
Thagair Esslemont arís dá laghad maoinithe a fhaigheann TG4 i gcomparáid le craoltóirí mionteangacha i dtíortha eile,
“Tá TG4 fós i bhfad chun deiridh ar chraoltóirí mionteangacha Eorpacha eile ó thaobh maoinithe agus scála de, ar nós S4C sa Bhreatain Bheag nó EITB i dTír na mBascach. Is é S4C an cainéal mionteanga is cosúla le TG4 ach tá a bhuiséad iomlán faoi dhó níos mó ná buiséad TG4.”
Thagair Esslemont freisin don stádas mar theanga atá ‘definitely endangered’ atá tugtha ag UNESCO don Ghaeilge agus dúirt sé go raibh sí i mbaol in ainneoin a stádas sa bhunreacht.
“Tá todhchaí na Gaeilge ag brath ar an bparlaimint seo agus ar iarrachtaí an stáit seo cur go láidir in aghaidh ‘athrú teanga’, agus ‘gníomhaíocht ar son na héagsúlachta teanga’ a choinneáil ag croílár a chuid straitéisí agus polasaithe.”
Dúirt Esslemont go bhfuil sé léirithe gur féidir dul i ngleic le hathrú teanga agus gur féidir leis na meáin Ghaeilge “ról lárnach” a bheith acu “sa chomhrac in aghaidh ‘athrú teanga’ agus i gcothú na héagsúlachta teanga.”
Mar chuid den tuarascáil a d’fhoilsigh an Coimisiún um Thodhchaí na Meán mí Iúil seo caite, moladh athbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh ar sholáthar seirbhísí agus ábhair Ghaeilge ar fud chóras na meán agus go mbeadh an t-athbhreithniú tugtha chun críche roimh dheireadh 2023.
Dúirt Esslemont go raibh TG4 ag iarraidh go ndéanfaí an t-athbhreithniú “go tráthúil ag tosú go luath in 2023” agus go ndéanfaí an t-athbhreithniú a fhrámú “i gcomhthéacs Straitéisí Eolaíochta Teanga agus Bainistíochta Teanga a bhfuil sé mar aidhm acu cur in aghaidh athrú teanga agus ár n-éiceachóras éagsúlachta teanga in Éirinn a chaomhnú don ghlúin seo agus do na glúine atá le teacht.”