Cuirfear i gcré na cille maidin amárach, Dé Sathairn, duine de mhórghaeil Bhéal Feirste, Diarmuid Ó Tuama, a bhí ina phríomhoide ar Bhunscoil Phobal Feirste, an chéad scoil lán-Ghaeilge a bunaíodh sa chathair.
Teagascóir, gníomhaí teanga, staraí, údar agus fear mór CLG ab ea Diarmuid Ó Tuama a d’imigh ar shlí na fírinne Dé Máirt seo caite nuair a fuair sé taom croí.
Bhí sé 70 bliain d’aois.
D’fhág sé a rian ar na céadta dalta scoile a d’fhreastail ar Bhunscoil Phobal Feirste.
‘An Máistir’ a thugadh go leor acu air le teann ómóis.
Dúradh i ráiteas ó Scoil Phobal Feirste gur “múinteoir, príomhoide agus cara buan do phobal uilig na scoile” a bhí ann.
“Bhí sé dílis don teanga, don oideachas agus dár gcluichí. Gael go smior.”
Dúirt Conradh na Gaeilge gur cúis mhór bhróin a bhí ann go raibh an “ceannródaí gaelscolaíochta” ar lár.
Dúirt an Seanadóir de chuid Shinn Féin Niall Ó Donnghaile, a bhí ina dhalta aige, gur “teagascóir agus oideachasóir Gaeilge ceannródaíoch” ab ea é Diarmuid Ó Tuama.
Poblachtánach agus staraí a bhí “bródúil” as a dhúchas Gaelach ab ea é.
“Bhí sé d’ádh orm go raibh sé mar chara agam,” a dúirt an Seanadóir Niall Ó Donnghaile, iarmhéara ar Bhéal Feirste.
Dúirt an comhalta Tionóil as iarthar Bhéal Feirste Gerry Carroll gur ceannródaí a bhí in Diarmuid Ó Tuama mar “gníomhaí teanga, oideachasóir agus scoláire”.
Dúirt a mhac Séamus, atá ina phríomhoide ar Bhunscoil Phobal Feirste mar a bhí a athair roimhe, go raibh sé féin agus a mhuintir croíbhriste.
Fuair a athair an drochscéal le déanaí go raibh ailse air ach bhíothas ag súil go raibh “bóthar fada” roimhe i gcónaí.
“Bhí sé an-tobann,” a dúirt Séamus Ó Tuama.
Dúirt sé go raibh an grá a bhí ag a athair don chultúr náisiúnta agus logánta, don nádúr, don tíreolaíocht agus don stair soiléir ina chuid oibre. Bhí sé ina spreagadh mór ag daltaí agus a muintir ar feadh blianta, a dúradh.
Chothaigh sé an grá céanna don Ghaeilge agus don chultúr ina chuid daltaí “go leor acu a bhfuil poist thábhachtacha sa tsochaí anois acu”.
Rugadh Diarmuid Ó Tuama i mBéal Feirste i 1952. Mac ab ea é le Rosie agus Seamus Twomey, a bhí ina cheann foirne ar an IRA Sealadach sna 1970idí.
Ba i mbunscoil Holy Child ón mbliain 1957, a bhí lonnaithe ag Páirc Casement an t-am sin, a cothaíodh a ghrá do na cluichí Gaelacha,” dar lena mhac Séamus. Chaith Diarmuid cúpla bliain ag Coláiste Naomh Malachaí ina ábhar sagairt sular éirigh sé as chun filleadh ar a chathair dhúchais mar a raibh na Trioblóidí faoi lán seoil. Rinne sé staidéar ar an mhúinteoireacht i gColáiste Naomh Seosamh.
I measc na saothar oideachais agus staire a raibh baint aige leo, bhí an leabhar The Men Will Talk To Me atá bunaithe ar agallaimh a chuir an poblachtánach mór le rá Ernie O’Malley, ar dhaoine sa Tuaisceart.
Fear dílis CLG ab ea é a bhí ina bhall de Chumann Naomh Eoin, a dúirt gur údar mór bróin a bhás agus gur bhain an drochscéal creathadh as baill an chumainn.
Beidh Aifreann sochraide Dhiarmuid Uí Thuama ar siúl i Séipéil Naomh Oilibhéar Pluincéad maidin amárach ag 11am agus cuirfear ina dhiaidh sin é i Reilig Bhaile an Mhuilinn.
Maireann a bhean Elaine, a gclann Séamus, Brónach agus Diarmuid, a gcéilí siúd, agus a ngarchlann Eve, Ellen, Róise, Conall, Cillian agus Cormac.