Tá leabhar Gaeilge i measc na saothar atá ainmnithe do ghradam Leabhar Páistí na Bliana.
Tá An Slipéar Gloine ar cheann de deich leabhar a ainmníodh don phríomhghradam agus do chúig ghradam eile ag Gradaim KPMG agus Leabhar Pháistí Éireann i mBéal Feirste.
Scríofa ag Fearghas Mac Lochlainn agus maisithe ag Paddy Donnelly, is athinsint fhileata é An Slipéar Gloine ar scéal Luaithrín, nó Cinderella mar is fearr aithne uirthi.
An teach foilsitheoireachta Futa Fata, atá lonnaithe ar an Spidéal i nGaeltacht na Gaillimhe, a d’fhoilsigh an leabhar.
Cé go bhfuil riar maith leabhar aistrithe ag Mac Lochlainn do Futa Fata (An Rás Chuig an Mol Thuaidh, Eachtra Dlúthchara) seo é an chéad bhunleabhar atá scríofa aige. Bhain An Slipéar Gloine Gradam Réics Carló 2022 ach seo é an chéad uair d’Fhearghas a bheith ainmnithe ar Ghearrliosta Leabhar na Bliana do Ghradaim KPMG agus Leabhar Pháistí Éireann.
Seo é an tríú hainmniúchán atá faighte ag Paddy Donnelly do na gradaim agus ainmniúcháin faighte cheana aige don obair a rinne sé ar Scúnc agus Smúirín le Muireann Ní Chíobháin agus ar Míp le Máire Zepf.
I measc na n-údar agus na maisitheoirí eile atá ainmnithe do ghradaim 2023, tá Girls Who Slay Monsters le Ellen Ryan, maisithe ag Shona Shirley Macdonald; Run for your Life le Jane Mitchell; The Boy who lost his Spark le Maggie O’Farrell, maisithe ag Daniela Jaglenka; The Book of Secrets le Alex Dunne; The Lost Girl King le Catherine Doyle; The Wilderness le Steve McCarthy; Be Wild, Little One le Oliva Hope, maisithe ag Daniel Egnéus; One & Everything le Sam Winston agus Truth be Told le Sue Divin.
Sé ghradam san iomlán atá le baint agus fógrófar na buaiteoirí ag ócáid speisialta i mBaile Átha Cliath ar an 24 Bealtaine 2023. Duaischiste luach €16,000 atá ar fáil do na buaiteoirí.