Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
cursai-earcaiochta,-pleanala-agus-oideachais-sa-treis-i-dtuarascail-an-choimisineara 

Cúrsaí earcaíochta, pleanála agus oideachais sa treis i dtuarascáil an Choimisinéara 

| Tuairisc.ie | ,

Cás na Gaeilge sa chóras oideachais, cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht agus easpa daoine sa státchóras a bhfuil Gaeilge acu – sin cuid de na hábhair is mó a dtarraingítear aird orthu i dtuarascáil bhliantúil nua an Choimisinéara Teanga.

Ina thuarascáil bhliantúil dheireanach, a foilsíodh inniu, deir na t-iarchoimisinéir teanga, Rónán Ó Domhnaill, go bhfuil cur i bhfeidhm na reachtaíochta teanga nua ag brath “go huile agus go hiomlán” ar dhaoine a bheith ag comhlachtaí poiblí atá ábalta seirbhísí a chur ar fáil don phobal i nGaeilge agus i mBéarla.

“Mura ndéanfar pleanáil inniúlachta a leabú sa chóras oideachais lán-Ghaeilge, agus mura dtagann méadú céimnitheach ar líon na ndaltaí iar-bhunscoile le hinniúlacht mhaith Ghaeilge atá ar fáil don oiliúint tríú leibhéal, beidh sé ionann is dodhéanta líon dóthanach céimithe a chur ar fáil chun sprioc earcaíochta an 20% a bhaint ón mbliain 2030 amach,” arsa Ó Domhnaill.

Is í an phríomhsprioc atá sa reachtaíocht teanga nua ná gur cainteoirí Gaeilge a bheidh in 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoi 2030.

“Chuige sin, is ceart go mbeadh inniúlacht teanga á lua le gach aon chineál folúntais feasta, idir Ard-Rúnaithe, Oifigigh Chléireachais agus na gráid idir eatarthu,” a deir Ó Domhnaill.

Deir sé go gcaithfear athrú a dhéanamh ar “chultúr fadbhunaithe eagraíochtúil” chun cur le l íon na gcainteoirí Gaeilge sa tseirbhís phoiblí. Chun an t-athrú sin a chur i gcrích beidh géarghá, a deir sé, le “ceannaireacht”, “dea-shampla agus “tacaíocht fhollasach” ó oibrithe sinsearacha sa tseirbhís phoiblí agus ón Roinn Caiteachais Phoiblí atá i gceannas ar chúrsaí earcaíochta.

Ba chóir chomh maith, a deirtear sa tuarascáil, go dtabharfaí an sprioc 20% san áireamh sa Pholasaí Oideachais Gaeltachta agus sa Pholasaí Oideachais Lán-Ghaeilge atá á fhorbairt ag an Roinn Oideachais faoi láthair.

Deir Ó Domhnaill chomh maith gur díol suntais líon na ngearán atá á bhfáil le blianta beaga anuas faoi chúrsaí pleanála sa Ghaeltacht. Tá treoirlínte pleanála don Ghaeltacht geallta ag an Aire Tithíochta Darragh O’Brien ach deir Ó Domhnaill gur chóir don aire a mhachnamh a dhéanamh ar cé acu treoirlínte nó treoracha beartais is fearr a thabharfadh cosaint don Ghaeilge sa chóras.

“Ar an gcuid is lú, is ríléir nár mhór soiléiriú i bhfoirm reachtaíochta nó

rialacháin a sholáthar do na húdaráis áitiúla a bhfuil limistéir pleanála teanga Ghaeltachta faoina gcúram,” a deir na t-iarchoimisinéir teanga.

De réir na tuarascála nua a foilsíodh inniu, 600 gearán a fuair Oifig an Choimisinéara Teanga le linn 2022, laghdú 17.5% ar an 727 ngearán a fuarthas in 2021.

Níorbh fhéidir 55% de líon iomlán na ngearán a fuair an oifig in 2022 a fhiosrú toisc nach raibh aon dualgas reachtúil i gceist.

Deirtear sa tuarascáil go meastar go dtiocfaidh laghdú “suntasach” ar líon na ngearán nach féidir a fhiosrú feasta mar gheall ar an reachtaíocht teanga nua a thugann cumhachtaí breise don Choimisinéir Teanga.

Ó Bhaile Átha Cliath is mó a tháinig gearáin in 2022, 25%. Ón nGaeltacht a tháinig 18% de ghearáin, laghdú 9% ar 2021.

Bhain 86% de na gearáin le sé réimse faoi leith: forálacha i scéimeanna teanga; comharthaíocht agus stáiseanóireacht; freagraí i mBéarla ar chumarsáid i nGaeilge; fadhb le húsáid ainm agus sloinne i nGaeilge; achtacháin eile a bhaineann leis an nGaeilge; agus úsáid na Gaeilge ar chomharthaí tráchta.

Tháinig méadú 81% ar líon na gcomhairlí a cuireadh ar chomhlachtaí poiblí in 2022.

Níos mó