‘Caitear i leataobh in aon ghníomh amháin na céadta blianta de mhíléiriú ar phobail dúchais Mheiriceá in Reservation Dogs’
Is annamh a bhreathnaímse ar shraitheanna teilifíse, agus cuireann mo bhéasa breathnóireachta isteach go mór ar dhaoine eile (an deirfiúr go háirithe). Ní féidir liom breathnú ar níos mó ná eagrán amháin sa ló (ní haon bhinseálaí mé) agus is minic a thógann sé bliain orm sraith iomlán a chríochnú.
Is rud mór dom é, mar sin, nuair a aimsím clár a thaitníonn liom chomh mór sin go gcríochnaím amach ar fad é. Sin é go díreach a tharla ag an deireadh seachtaine agus an t-eagrán deireanach den chlár Reservation Dogs feicthe agam ar Disney+.
Thaitin an clár liom ar chúpla cúis agus ba é an léargas ar shaol na mbundúchasach óg i Meiriceá ba mhó a chuaigh i bhfeidhm orm. Dála go leor daoine in Éirinn (agus i Stáit Aontaithe Mheiriceá féin, chuirfinn geall) tá mé sách dall ar chultúr na mbundúchasach in Oileán an Turtair agus an tháinig an chéad tuiscint a bhí agam ar na pobail éagsúla atá ina gcónaí ar fud Mheiriceá thuaidh ó scannáin a rinne daoine geala fúthu i lár an chéid seo caite – Peter Pan Disney ina measc…
Ag daoine óga bundúchasacha na haoise seo atá tús áite in Reservation Dogs agus is daoine bundúchasacha a rinne beagnach chuile ghné den chlár – idir stiúrthóirí, scríbhneoirí, aisteoirí, agus foireann léirithe an chláir. Is trína súile féin sin a fheiceann an lucht féachana scéal na mbundúchasach i Meiriceá an 21ú Aois – agus níl a sárú ann mar shúile.
Sníomhtar go healaíonta seanchas, dúchas, agus oidhreacht na mbundúchasach le gníomhartha comhaimseartha an ghrúpa daoine óga atá ag iarraidh éalú ón gceantar tuaithe ina tógadh iad go cathair mhór LA san iarthar. Chuir mé aithne ar charachtair óga an scéil agus na trioblóidí a bhain dóibh ó bhásaigh a gcara mór Daniel go tobann bliain sular thosaigh imeachtaí na sraithe, ach d’fhoghlaim mé an t-uafás faoi fhinscéalta, pisreoga, teanga, agus cultúr comhaimseartha na mbundúchasach chomh maith.
Ba é an trua é, domsa mar chainteoir mionteanga, nár chuala muid níos mó de theangacha dúchais Mheiriceá ar an gclár ach tuigim go bhfuil drochbhail cheart ar chúrsaí teanga thall agus gur dócha gur léiriú cruinn beacht ar cé chomh lag is atá na teangacha sin a fhaightear in Reservation Dogs. Mar sin féin, mheall na giotaí beaga d’amhráin agus frásaí a tháinig ó bhéal Willie Jack agus carachtair eile a mheall mo chluais agus mo spéis chomh maith leis an léiriú ar an gcanúint Bhéarla dá gcuid féin atá ag roinnt bundúchasach i Meiriceá (“skoden”…).
Brúitear ar leataobh in aon ghníomh amháin na céadta blianta de mhíléiriú ar phobail dúchais Mheiriceá in Reservation Dogs agus tá mé ag súil go mór le scéal na ndéagóirí bundúchasacha a leanacht i séasúr a trí atá geallta dúinn cheana féin.
Is féidir Reservation Dogs a fheiceáil ar Disney+.