Cuirfear tús an mhí seo chugainn le clár nua cúrsaí reatha i nGaeilge ar RTÉ an mhí seo chugainn, an chéad uair le breis is 20 bliain go mbeidh a leithéid de chlár ag an stáisiún.
Craolfar beo ó cheannáras RTÉ uair sa tseachtain, maidin Domhnaigh, an clár nua Fóram.
Beidh ról an láithreora á bhabhtáil ag craoltóirí éagsúla agus tá na hiriseoirí Sinéad Crowley agus Orla O’Donnell ar bheirt de na daoine atá luaite mar láithreoirí.
Beidh an t-iriseoir Eoin Ó Catháin, comhfhreagraí polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta, ag fágáil an raidió chun dul ag obair mar thuairisceoir ar an gclár nua.
Colm Kirwan RTÉ, fear a d’oibrigh cheana do TG4, a bheidh ina eagarthóir ar Fóram agus ar Joe Reddington, príomheagarthóir Nuacht TG4/RTÉ, a bheidh an phríomhfhreagracht as an gclár nua.
Tá an clár beartaithe ag RTÉ mar chuid den phlean don Ghaeilge a d’aontaigh siad leis an gCoimisinéir Teanga nuair a chinn sé go raibh sárú á dhéanamh acu ar a ndualgas reachtúil i leith na Gaeilge.
Faoin Acht Craolacháin 2009, tá dualgas reachtúil ar RTÉ “réimse cuimsitheach clár Gaeilge agus Béarla a chur ar fáil” agus “cláir nuachta agus cúrsaí reatha a chur ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla”.
Tugadh le fios i dtuarascáil de chuid Údarás Craolacháin na hÉireann a foilsíodh in 2021 nach cláracha cúrsaí reatha nó nuachta ach thart ar 4% de chláracha teilifíse Gaeilge nó dátheangacha.