Maraíodh fear maidin inniu i bpléasc i gCnoc Fola i bparóiste Ghaoth Dobhair i nGaeltacht Dhún na nGall.
Tuigtear gurbh as iarthuaisceart an chontae don fhear a maraíodh i dtimpiste oibre.
Tháinig na Gardaí, an tSeirbhís Náisiúnta Otharcharranna agus Briogáid Dóiteáin Dhún na nGall go dtí láthair na pléisce.
Bogadh gach duine amach as an gceantar agus cuireadh fios ar mheitheal Diúscartha Ordanáis Phléascaigh na bhfórsaí cosanta.
Dheimhnigh an tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta go raibh tús curtha acu le fiosrúchán faoin eachtra.