Dinnéar foirne ag Nuacht TG4/RTÉ an ócáid is déanaí atá curtha ar ceal de dheasca na conspóide faoi na híocaíochtaí rúnda a rinne RTÉ le Ryan Tubridy.
Bhí an ócáid shóisialta le bheith ar siúl i mbialann i mBearna i nGaeltacht Chonamara Dé hAoine seo chugainn, ach cinneadh nach mbeadh sé oiriúnach a leithéid a eagrú agus RTÉ faoi scamall scannal na n-íocaíochtaí.
Tuigtear go raibh easaontas i measc bhaill foirne Nuacht TG4 faoin ócáid nuair a chuir lucht na hardbhainistíochta scéal amach Dé hAoine seo caite féachaint cé a bheadh i láthair agus cé nach mbeadh.
Bhí daoine áirithe den tuairim nár cheart a leithéid d’ócáid a eagrú tráth a bhfuil creathadh mór bainte as muinín an phobail in RTÉ.
Mhaígh daoine eile nach raibh ceangal idir an ócáid agus scannal na n-íocaíochtaí agus gur cheart dul ar aghaidh leis an dinnéar, a bhí á eagrú toisc nach raibh aon chóisir na Nollag ag foireann Nuacht TG4 anuraidh.
Fuair baill foirne ríomhphost tráthnóna ag cur in iúl dóibh go raibh an dinnéar curtha ar ceal i bhfianaise na conspóide faoi RTÉ.
Dúradh go n-eagrófaí dinnéar foirne eile amach anseo.
Cuireadh ar ceal chomh maith tráthnóna inné ócáid shóisialta eile a bhí beartaithe do lucht nuachta agus cúrsaí reatha i nDomhnach Broc.
Dúradh gur i gcomhar le Ceardchumann na nIriseoirí a tógadh an cinneadh sin na deochanna samhraidh a bhí socraithe don 7 Iúil a chur ar ceal.