Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
‘ta-rte-in-ait-chontuirteach-agus-iarracht-deanta-againn-dallamullog-a-chur-ar-dhaoine’

‘Tá RTÉ in áit chontúirteach agus iarracht déanta againn dallamullóg a chur ar dhaoine’

| Tuairisc.ie | ,

Ghéill Cathaoirleach Bhord RTÉ i dTeach Laighean inniu gur coimeádadh íocaíochtaí breise a rinneadh le Ryan Tubridy faoi rún chun iarracht a dhéanamh dallamullóg a chur ar dhaoine.

Chomh maith leis sin, dúirt príomhoifigeach airgeadais an chraoltóra, Richard Collins, gurb í a thuairim ná go raibh calaois déanta ag RTÉ ar an gcáiníocóir.

Dúirt Collins chomh maith gur inis Dee Forbes, an t-iar-ardstiúrthóir, dó gur bhain dhá shonrasc do €75,000, a íocadh sa deireadh le Ryan Tubridy, le comhairle a chuir Noel Kelly, gníomhaire Tubridy, ar RTÉ le linn na paindéime.

Dúirt iarchathaoirleach Bhord RTÉ Moya Doherty gur údar alltachta di nár chuala sí riamh faoin gcuntas babhtála le linn di a bheith ar bhord RTÉ agus dúirt sí gur léir gur ‘ciste dubh’ a bhí ann.

Cuireadh cosamar €1.25 milliún trí chuntais bhabhtála in RTÉ le deich mbliana.

Ar na híocaíochtaí sin bhí €11,000 a caitheadh ar eitiltí agus lóistín ag Corn Rugbaí an Domhain in 2019 le haghaidh cliaint fhógraíochta, ticéid deich mbliana Chumann Rugbaí na hÉireann ar chostas €138,000 agus ticéid agus lóistín ag cluiche ceannais Shraith na Seaimpíní in 2019, ar chostas €26,000.

Siún Ní Raghallaigh, Cathaoirleach Bhord RTÉ

Dúirt Siún Ní Raghallaigh go raibh na costais sin “scannalach … agus gur chóir costais dá leithéid a chur tríd an gcóras soláthair. Creidim go bhfuil sin curtha ina cheart anois”.

Maidir le Ryan Tubridy féin, dúirt Adrian Lynch, ardstiúrthóir eatramhach RTÉ, go bhféadfadh go raibh a fhios ag an gcraoltóir faoi cheist na n-íocaíochtaí conspóideacha sular fhógair sé go raibh sé ag éirí as mar láithreoir an Late Late Show.

Don dara lá as a chéile bhí babhta fada diancheisteanna roimh fheidhmeannaigh shinsearacha RTÉ i dTeach Laighean agus a thuilleadh soiléireachta á lorg ag polaiteoirí faoi na híocaíochtaí folaithe a deineadh le Ryan Tubridy.

Dúirt an Taoiseach níos luaithe inniu gur chóir do Ryan Tubridy, Noel Kelly agus Dee Forbes teacht os comhair choistí Oireachtais chun ceisteanna faoin gconspóid a fhreagairt.

Dúirt Cathaoirleach Bhord RTÉ, Siún Ní Raghallaigh, go raibh RTÉ i mbaol de thoradh na conspóide.

“Breathnóidh an t-athbhreithniú Rialtais atá le teacht ar chúrsaí cultúir agus rialachais. Is maith sin. Ach ní leor é sa ghearrthéarma.

“Gach lá dá gcaitear tá iontaoibh an phobail á creimeadh in institiúid atá ina cloch choirnéil sa Stát seo.”

“Tá RTÉ in áit chontúirteach de bharr na géarchéime seo. Leagfaidh an Bord amach straitéis don todhchaí, i gcomhar leis an eagraíocht, a chuirfidh bail níos fearr ar an eagraíocht, eagraíocht a chuireann seirbhís craoltóireachta poiblí den scoth ar fáil, agus a mbeidh iontaoibh ag an bpobal agus ag a cuid fostaithe araon aisti.”

TÁILLÍ COMHAIRLEOIREACHTA

Cuireadh in iúl don Choiste gur ghoin a n-aire in RTÉ faoi na híocaíochtaí folaithe ar dtús ar an 7 Márta nuair a tharraing na hiniúchóirí a n-aird ar shonraisc d’íocaíochtaí do Ryan Tubridy. Dúirt an t-iar-ardstiúrthóir Dee Forbes leis an bPríomhoifigeach Airgeadais, Richard Collins, gur sonraisc iad ar son comhairle a chuir Noel Kelly, gníomhaire Ryan Tubridy, ar RTÉ faoin “struchtúr a chuir an eagraíocht uirthi féin le linn ghéarchéim Covid-19 agus an chaoi ar chuir sí í féin i láthair”.

Dúirt Richard Collins gur chomhairle í a cuireadh ar an Ardstiúrthóir ach nár chuimhin leis mionsonraí na comhairle sin agus go gcaithfeadh sé nótaí a rinne sé ag an am a sheiceáil.

Dúirt sé gur chuir sé féin in iúl do na hIniúchóirí Deloitte, gur íocaíocht a bhí sa €150,000 ar chomhairle a chuir Noel Kelly ar fáil do RTÉ ach go raibh Deloitte “míshásta” lena mhíniú.

Nuair a fiafraíodh de Collins cén fáth nár cheistigh sé €75,000 a bheith á íoc ar chomhairleoireacht ó ghníomhaire, dúirt sé go raibh a fhios aige go raibh dlúthchaidreamh ag Dee Forbes le Noel Kelly.

“Míniú áiféiseach é sin agat,” a dúirt an Cathaoirleach Brian Stanley.

Dúirt Collins nach raibh a fhios aige go n-íocfaí na “táillí comhairleoireachta” le Ryan Tubridy. Dúirt sé le Deloitte gur cheart dóibh labhairt go díreach leis an ardstiúrthóir.

Dúirt sé ar bhreathnú siar dó gur chóir go mbeadh ceisteanna curtha aige faoin gcur síos “lom” sin ar an sonrasc, ‘táillí comhairleoireachta’.

Dúirt Collins nach raibh aon socruithe pá eile ann ar chuma socruithe pá Ryan Tubridy ach nach bhféadfá a bheith “100% cinnte go deo”.

Dúirt ceannasaí tráchtála RTÉ Geraldine O’Leary go raibh a fhios aici faoi na sonraisc do €75,000 a d’eisigh NK Management agus a íocadh sa deireadh le Ryan Tubridy. Dúirt sí nach raibh a fhios aici go ndein RTÉ an margadh le Renault a fhrithghealladh.

Geraldine O’Leary, Ceannasaí Tráchtála RTÉ

Dúirt Ceannasaí Tráchtála RTÉ, Geraldine O’Leary, leis an gcoiste gurb é Noel Kelly nó Dee Forbes a mhol an téarma “táillí comhairleoireachta” a úsáid. ach go raibh sé imithe as a cuimhne cé acu. Dúirt sí go raibh sí ag iarraidh an freagra sin a fháil ó mhí Márta.

D’fhiafraigh James O’Connor, Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, de Chathaoirleach RTÉ ar scrúdaigh RTÉ riamh conas a rinneadh ‘Dia beag’, a raibh cumhacht aige san eagraíocht, d’fhear amháin [Noel Kelly].

Adrian Lynch, Ardstiúrthóir Eatramhach RTÉ

ATHRUITHE GEALLTA

Dúirt an t-ardstiúrthóir eatramhach Adrian Lynch go ndéanfar athrú mór ar struchtúr na bhfeidhmeannach sinsearach in RTÉ.

Dúirt sé gur theip ar bhord feidhmiúcháin RTÉ gníomhú le chéile chun a chinntiú go mbeadh dea-rialachas i réim.

An chéad chúram a bheidh ar an gcéad ardstiúrthóir eile, Kevin Bakhurst, ná athstruchtúrú a dhéanamh ar bhord feidhmiúcháin RTÉ, arsa Lynch.

Dúirt sé go dtabharfaí isteach clár leasanna do bhaill foirne shinsearacha, láithreoirí san áireamh.

Gheall Siún Ní Raghallaigh go bhfoilseofaí tuarastail an 100 duine is mó a shaothraíonn pá san eagraíocht “chomh luath agus is féidir”.

Dúirt Siún Ní Raghallaigh freisin go mbeadh athruithe á ndéanamh ar na srianta inmheánacha in RTÉ agus go ndéanfaí athbhreithniú ar an gcaiteachas san eagraíocht agus go mbeadh na híocaíochtaí leo siúd is mó a shaothraíonn san áireamh san athbhreithniú sin.  Dúirt sí go raibh an Bord ag scrúdú cé acu an leanfaidh siad ar aghaidh ag déileáil le gníomhairí nó nach leanfaidh.

Dúirt an Cathaoirleach chomh maith go staonfaí feasta ó úsáid an fhocail ‘talent’ chun cur síos a dhéanamh ar na daoine a fhaigheann an pá is mó ó RTÉ.

“Ar deireadh, ba mhaith liom rud éigin a rá faoin bhfocal ‘talent’. Tá focail tábhachtach agus an úsáid a bhaintear as an bhfocal sin faoi láthair treisíonn sé cultúr an ‘sinne agus iadsan’ in RTÉ.

“Tugann sé le fios gur mó fiúntas atá le daoine áirithe seachas daoine eile. An chéad chéim don athrú cultúir an téarma sin a chaitheamh sa bhosca bruscair.”

Dúirt an Teachta Alan Kelly, Lucht Oibre, go raibh cruinniú an lae inniu den Choiste um Chuntais Phoiblí ar an gceann is iontaí dá raibh sé riamh aige. D’iarr sé ar RTÉ “cóip de gach cuntas bainc agus cá bhfuil na cuntais sin” a chur ar fáil faoin Déardaoin seo chugainn, chomh maith “le haon chuntas babhtála” a bhí acu “le 20 bliain”, na cinn do TG4 san áireamh.

Dúirt Kelly go gcaithfí a chur san áireamh sna sonraí faoi thuarastal an dream is airde tuarastal aon íocaíochtaí breise pinsin a rinneadh ar a son agus aon uair a cuireadh carranna ar fáil dá réalta, mar gur ábhar é sin a ardaíodh sa Dáil in 2005.

Teastaíonn taifead iomlán uaidh faoi aon ócáid a raibh réalta ar chláracha “nach raibh siad féin bainteach leo” agus cé acu “ar chuid d’aon mhargadh” é sin, chomh maith le taifead de na gníomhairí ‘lucht tallainne” ar fad.

Anne O’Leary

RÓL DEE FORBES 

Chuir feidhmeannaigh RTÉ cos i dtaca arís faoi ról Dee Forbes sa chonspóid agus mhaígh siad gur aici siúd amháin a bhí an t-eolas go léir faoin tslí inar tugadh cuntas míchruinn go poiblí ar phá Tubridy.

Chuir siad béim ar ghealltanas ó bhéal a thug Forbes go ndéanfadh RTÉ frithghealladh ar íocaíochtaí tráchtála Renault do Ryan Tubridy. Mhaígh siad gur dá bharr sin a d’íoc RTÉ €150,000 breise le Tubridy agus a foilsíodh figiúirí míchruinne dá tháillí.

Léiríodh amhras mór arís faoin leagan seo den scéal agus cuireadh i leith na bhfeidhmeannach gurb amhlaidh go raibh ceap milleáin á dhéanamh acu de Forbes agus go raibh sí ‘á caitheamh fén mbus acu’.

Dúirt Adrian Lynch go “rabhthas ag brath an iomarca ar an saincheart a bhí ag an Ardstiúrthóir”.

Bhí Lynch ar aon fhocal gur “náire shaolta” a bhí ann gur gheall RTÉ go n-íocfaidís féin an bille d’ócáid Renault as an sparán poiblí agus go ndearnadh sin nuair a chuir Renault deireadh leis an margadh. D’áitigh sé go raibh an comhfhreagras scrúdaithe aige agus nach raibh aon eolas ag aon duine eile san eagraíocht faoin socrú seachas Dee Forbes.

Dúirt Brian Stanley, Cathaoirleach an Choiste um Chuntais Phoiblí, go mbeidís ag lorg údaráis chun iallach a chur ar an iar-ardstiúrthóir Dee Forbes teacht os comhair an Choiste – ach a mbeidh sin cuí ó thaobh na sláinte. ”

Ceistíodh Cathaoirleach Bhord RTÉ Siún Ní Raghallaigh faoin scéala gur iarr sí ar iar-ardstiúrthóir RTÉ Dee Forbes éirí as seachtain sula bhfuair an pobal amach mar gheall ar an scannal.

Ceistíodh Ní Raghallaigh chomh maith faoin scéala nár cuireadh Aire na Meán Catherine Martin ar an eolas faoin scéala go rabhthas ag iarraidh ar Forbes éirí as.

Dúirt Ní Raghallaigh gur ghlaoigh sí ar an Aire Catherine Martin ar maidin chun leithscéal a ghabháil léi as gan a insint di go raibh iarrtha aici ar Dee Forbes éirí as.

Tháinig an moladh go n-éireodh Dee Forbes as ón gcoiste um iniúchóireacht agus measúnú riosca.

Dúirt Anne O’Leary ón gcoiste sin gur cheap sí  go raibh an méid a tharla tromchúiseach.

Cuireadh Forbes ar fionraí ansin nuair a dhiúltaigh sí éirí as.

Cuireadh i leith Ní Raghallaigh gur ceileadh deis ar pholaiteoirí Dee Forbes a thabhairt os a gcomhair chun ceisteanna a fhreagairt.

Déardaoin seo caite a d’fhógair RTÉ go raibh íocaíochtaí breise, arbh fhiú €350,000 san iomlán iad, faighte ag Ryan Tubridy idir 2017-2022, íocaíochtaí nár tugadh cuntas ceart orthu don phobal ná don Oireachtas.

Tá dochar mór déanta do cháil RTÉ ag na dearbhuithe pá míchruinne agus aghaidh á tabhairt ag an gcraoltóir ar stoirm pholaitiúil tráth a raibh dóchas ann go bhféadfaí teacht ar shocrú nua faoi mhaoiniú na craoltóireachta seirbhíse poiblí.

Pléadh chomh maith inniu an pá a bheidh a fháil ag Patrick Kielty nuair a thiocfaidh sé i gcomharbacht ar Tubridy mar láithreoir an Late Late Show san fhómhar. D’fhógair Kielty roimh an gcruinniú gur €250,000 in aghaidh an tséasúir (30 seó) a bheidh á fháil aige.

Níos mó