Tá stiúrthóir ealaíne na Taibhdheirce imithe as a post i ndiaidh tréimhse trí mhí.
D’fhág Muireann Kelly a post mar stiúrthóir ealaíne ar Fíbín, atá i bhfeighil na hamharclainne náisiúnta Gaeilge, mí ó shin agus léiriú nua á fhorbairt d’Fhéile Ealaíon Idirnáisiúnta na Gaillimhe.
Cuireadh ar ceal an dráma Dathanna Geala Amháin, a tharraing go leor poiblíochta agus a bhí á léiriú den chéad uair i nGaeilge.
Is í Pauline Goldsmith a scríobh an dráma agus tuigtear nár thug sí cead do Fíbín an dráma a léiriú gan Muireann Kelly a bheith ina stiúrthóir air.
Tá an dráma Grindr, Saghdar agus Cher a léiríodh ag féilte eile anuraidh á léiriú ag Fíbín sa Taibhdhearc in áit Dathanna Geala Amháin mar chuid d’Fhéile Ealaíon na Gaillimhe.
Bhí ceithre seachtaine ag Fíbín dráma Gaeilge eile a aimsiú le bheith san fhéile ealaíon atá ar siúl faoi láthair i nGaillimh.
I ráiteas a foilsíodh ar shuíomh na Taibhdheirce, gabhadh “leithscéal” faoin athrú léiriúcháin a bhain le “cúiseanna nach raibh súil leo”, a dúradh.
Ba scéal mór a bhí ann nuair a ceapadh Muireann Kelly ina stiúrthóir ealaíne ar Fibín sa Taibhdhearc. Bhunaigh sí an comhlacht Theatre Gu Leòr i nGlaschú, comhlacht ar éirigh leis cuid mhaith gradam a bhuachan.
Nuair a fógraíodh a ceapachán, dúirt Muireann Kelly go raibh sí “paiseanta” maidir le forbairt na drámaíochta i nGaeilge agus go raibh sí ag iarraidh go mbeadh Fíbín sa Taibhdhearc ina spás cruthaitheach do na healaíontóirí ar fad atá ag obair in amharclannaíocht na Gaeilge.
“Ré spreagúil” a bheadh ann d’amharclannaíocht na Gaeilge, a dúirt Príomhfheidhmeannach an chomhlachta Fíbín, Darach Ó Tuairisc.
Níl aon mhíniú tugtha ag Muireann Kelly ná ag Fíbín faoin chúis gur bhfuil An Taibhdhearc ag feidhmiú gan stiúrthóir ealaíne.
Tá dhá bhord – Bord Fíbín agus Bord na Taibhdheirce – ag plé le cúrsaí in Amharclann Náisiúnta na Gaeilge ó bronnadh conradh in 2021 ar an chomhlacht drámaíochta Fíbín chun an Taibhdhearc a reáchtáil.
Conradh trí bliana atá i gceist agus tá maoiniú bliantúil €320,000 á chur ar fáil ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán don Taibhdhearc.
I ráiteas a chuir Bord na Taibhdheirce ar fáil do Tuairisc dúradh nach raibh aon bhaint acu le ceapachán Mhuireann Kelly ná lena himeacht.
“Tá cinntí fostaíochta Fíbín sa Taibhdhearc go hiomlán neamhspleách ar Bhord An Taibhdhearc. Guímid chuile rath ar Grindr, Saghdar agus Cher ag Féile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe,” a dúradh sa ráiteas.
Ag labhairt dó le Tuairisc, dúirt Príomhfheidhmeannach an chomhlachta Fíbín, Darach Ó Tuairisg, go raibh “an-díomá” air go raibh an Taibhdhearc gan stiúrthóir ealaíne faoi láthair agus nach bhféadfaí Dathanna Geala Amháin a léiriú mar a bhí beartaithe.
“Tá an-díomá orainn nár oibrigh Dathanna Geala Amháin amach agus [díomá] faoi Mhuireann. Ach is olc an ghaoth. Tá muid thar a bheith sásta go bhfuil an deis againn oibriú le nua-scríobh i nGaeilge, scríbhneoireacht thar a bheith comhaimseartha ó thaobh drámaíocht na Gaeilge de,” a dúirt Darach Ó Tuairisg.
Beidh folúntas do stiúrthóir ealaíne ar Fíbín sa Taibhdhearc á fhógairt go luath.