Bialanna & Caiféanna le Gaeilge
Tá go leor bialanna agus caiféanna ar ár n-eolaire gnó atá lánsásta freastal ar chustaiméirí trí Ghaeilge, agus cuid acu le biachláir dhátheangacha freisin. Seo rogha ón eolaire de chinn timpeall na tíre, agus iad rangaithe de réir na sólaistí atá ar fáil i.e. sólaistí beaga nó dinnéir níos scamhardaí.
Sólaistí Beaga – bricfeasta, cístí, ceapairí
Tá caiféanna iontacha le fáil in ionaid cultúrtha an Tuaiscirt – ‘Café Uí Chonghaile’ in Áras Uí Chonghaile i mBéal Feirste, ‘An Croí’ ins An Carn i Machaire Rátha, agus ‘Bácús’ i gCultúrlann Uí Chanáin i nDoire féin. Taobh amuigh dóibh siúd is féidir sólaistí blasta a fháil in Applejacks i mBéal Feirste agus i Scullery Magee i nDoire.
Is sna hionaid turasóireachta agus poiblí i nDún na nGall a bhfaighfeá caiféanna beaga deasa – sa chaifé san ionad turasóireachta An tSean Bheairic i bhFál Carrach, agus i ‘Seomra Tae’ san ionad poiblí Áislann Chill Chartha i gCill Chartaigh
I mBaile Átha Cliath, tá clú agus cáil ar Café Aon Scéal i dTamhlacht mar lárionad Gaeilge, agus tá siad oscailte gach lá den tseachtain. Caifé eile is ea Café Glic i gCill Mhaighneann, oscailte ó Luan go Satharn.
Tá níos mó ná duais amháin buaite ag POTA Café i mBaile na hAbhann i gcontae na Gaillimhe mar gheall ar a gcuid bia. Bain triail as a sheabhdar mara le hiasc ó Ros a Mhíl.
Is sa Daingean i gCiarraí a bhfaighfeá Cáis, ‘An Leoraí Bia is Fearr 2021’, agus níos faide siar sa chontae, is féidir a bheith ag amharc ar shaothair ealaíne agus amach ar an bhfarraige agus tú ag ligean do scíth i dTig Áine sa Ghráig.
Béilí – dinnéir
Seo cuid de na bialanna ar féidir béilí níos scamhardaí a fháil. Cuireann an formhór acu bricfeasta agus lón ar fáil freisin.
Ó thuaidh, is féidir lón nó dinnéar a fháil i mBialann Danny Minnie in Anagaire, i dTábhairne Leo i Mín na Leice., nó i dTeach Jack sa Ghlaisigh. Má tá tú i mBéal Feirste, tabhairt cuairt aon lá sa tseachtain ar Bhialann Loch Lao i gCultúrlann McAdam Ó Fiach.
Sa phríomhchathair, tá lón agus dinnéar ar fáil gach lá i mBar Rua i Sráid Clarendon i mBaile Átha Cliath. I gCill Dara, is féidir lón agus dinnéar freisin ar fáil sa Town House Hotel i Nás an Ríogh.
Tabhair cuairt ar Thigh Chadhain i gCill Chiaráin le haghaidh lón nó dinnéar blasta i gcontae na Gaillimhe, nó Tigh Terry An Chéibh i Ros a Mhíl, ina mbíonn bia ar fáil gach lá.
Thíos i gCiarraí, tá cúpla rogha mhaith i mBaile an Fheirtéaraigh- Óstán Ceann Sibéal, Tigh an tSaorsaigh nó Tigh Uí Chatháin. Sa Daingean, bain triail as an mbéar Paul Geaneys, nó as an mbialann Solas Tapas.
Moltaí Eile?
An bhfuil aon mholtaí eile agat ar bhialanna nó chaiféanna a fhreastalaíonn ar a chustaiméirí trí Ghaeilge? Cuir na sonraí chugainn ag peig@cnag.ie agus rachaimid i dteagmháil leo!