Tá maoiniú ceadaithe ag an Rialtas chun na féidearthachtaí atá ann maidir le Lárionad Cultúrtha Gaeilge a fhorbairt i gcathair na Gaillimhe.
D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta, Patrick O’Donovan, ar maidin go bhfuil deontas beagnach €40,000 ceadaithe aige chun staidéar féidearthachta a dhéanamh i leith forbairt an ionaid.
Cuireadh an deontas ar fáil do Ghaillimh le Gaeilge mar chuid de chur i bhfeidhm Phlean Teanga na cathrach. Oibríonn Gaillimh le Gaeilge i gcomhar le Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Cumann Tráchtála na Gaillimhe agus grúpaí eile chun an dátheangachas a fhorbairt agus a threisiú sa chathair.
Agus an deontas fógartha aige inniu, dúirt an tAire Stáit O’Donovan go mbeadh “tionchar thar a bheith dearfach ag a leithéid de Lárionad Cultúrtha Gaeilge ar shaol eacnamaíochta, sóisialta agus cultúrtha na cathrach.”
Bhí coimisiúnú an staidéir féidearthachta sin ar cheann de nach mór dhá scór beart a leagadh amach i bPlean Teanga Chathair na Gaillimhe, a ceadaíodh in 2020. Tá Gaillimh ainmnithe mar cheann de na Bailte Seirbhíse Gaeltachta faoi Acht na Gaeltachta 2012
Cuirfear an deontas don staidéar ar fáil faoin Scéim Tacaíochta Gaeilge (Caipitil).