Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
tri-scor-foirgneamh-folamh-ag-udaras-na-gaeltachta

Trí scór foirgneamh folamh ag Údarás na Gaeltachta

Cé go bhfuil foirgnimh áirithe i seilbh an Údaráis atá folamh le nach mór 20 bliain, tá laghdú tagtha le blianta beaga anuas ar líon na bhfoirgneamh folamh atá ag an eagraíocht

Trí scór foirgneamh folamh ag Údarás na Gaeltachta

Tá trí scór foirgneamh de chuid Údarás na Gaeltachta folamh, de réir figiúirí nua.

Tá roinnt mhaith de na foirgnimh, idir spás oifige agus mhonarchana, folamh le breis is deich mbliana, ach is ag titim atá líon na bhfoirgneamh folamh atá i seilbh an Údaráis le roinnt blianta anuas.

Cúig bliana ó shin, i samhradh 2018, bhí 77 foirgneamh de chuid an Údaráis folamh ach tá sé tugtha le fios ag an Údarás gur 60 foirgneamh dá chuid atá folamh faoi láthair.

Fágann sin gur tháinig laghdú beagnach 22% ar líon na bhfoirgneamh folamh ag an Údarás le cúig bliana anuas. 117 foirgneamh folamh a bhí ag an Údarás in 2017.

Cé gur le bliain anuas a fágadh folamh 11 de na foirgnimh fholmha atá ag an Údarás, tá beagnach leath de na foirgnimh a liostaíodh folamh le breis is cúig bliana agus 14 acu folamh le deich mbliana.

I gConamara atá na ceithre fhoirgneamh is faide atá folamh, mar a bhfuil trí fhoirgneamh i dTír an Fhia atá folamh ó 2003 agus monarcha mhór i gCasla atá folamh ó 2001.

De réir anailís atá déanta ag Tuairisc ar eolas a cuireadh ar fáil don Teachta Dála Catherine Connolly, is i nDún na nGall atá an líon is mó foirgnimh fholmha agus 21 ionad ansin folamh i láthair na huaire. 19 foirgneamh atá folamh i nGaeltacht na Gaillimhe, naoi gcinn atá folamh i Múscraí i gCorcaigh, sé cinn atá i gCiarraí agus cúig cinn atá i Maigh Eo. Níl aon fhoirgneamh folamh ag an eagraíocht fiontraíochta agus teanga i nGaeltacht Phort Láirge ná i nGaeltacht na Mí, de réir an eolais is déanaí.

Monarchana atá i bhformhór na bhfoirgneamh folamh – 34 ceann ar fad – agus achar breis is 1,000㎡ i sé cinn acu. Oifigí atá i gceist le sé cinn déag de na foirgnimh agus foirgnimh fiontraíochta agus ceardlainne atá sna deich gcinn eile.

In ainneoin go bhfuil trí scór foirgneamh folamh i seilbh an Údaráis, tuigtear go bhfuil ganntanas ann i láthair na huaire i gceantair áirithe ó thaobh líon na bhfoirgneamh atá réidh le húsáid. D’fhéadfadh go mbeadh obair athchóirithe ag teastáil ó thart ar leath de na foirgnimh, go háirithe iad siúd atá folamh le tréimhse fhada.

Chuir an Rialtas €8 milliún ar fáil d’Údarás na Gaeltachta le linn na paindéime in 2020 chun “uasghrádú riachtanach” a dhéanamh ar fhoirgnimh na heagraíochta.

Sa fhreagra a cuireadh ar fáil don Teachta Connolly, dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Patrick O’Donovan go raibh sé tugtha le fios ag an Údarás go rabhthas ag féachaint ar an réadmhaoin uilig atá ag na eagraíocht agus “ag forbairt pleananna athchóirithe a chuireann riachtanais an Phlean Gníomhaíochta Aeráide san áireamh”.

Dúirt O’Donovan go bhfuil an iliomad cineál foirgnimh mar chuid den réadmhaoin atá ag an Údarás agus go bhfuil “an-éagsúlacht sa gcaighdeán agus san gcóiriú atá ar fáil sna foirgnimh”.

Dúirt sé go raibh sé ráite ag an Údarás go mbítear airdeallach i gcónaí ar an dualgas atá orthu an leas is fearr a bhaint as aon acmhainn atá acu ón Státchiste.

Contae Ionad Catagóir Achar (㎡) Folamh ó
Ciarraí Eastát Bhaile an Mhuilnn Oifig 408 2/12/2019
Ciarraí Eastát Bhaile an Mhuilinn Oifig 96 1/3/2018
Ciarraí Eastán an Chúilín Fiontraíocht 149 31/7/2022
Ciarraí Eastán an Chúilín Fiontraíocht 31 31/10/2022
Ciarraí Eastán an Chúilín Fiontraíocht 16 20/4/2023
Ciarraí Baile an Éanaigh Monarchan 756 30/9/2015
Corcaigh Eastát Bhéal Átha an Ghaorthaidh Oifig 14 31/12/2021
Corcaigh Eastát Bhéal Átha an Ghaorthaidh Oifig 13 31/12/2021
Corcaigh Eastát Bhéal Átha an Ghaorthaidh Oifig 15 31/12/2021
Corcaigh Eastát Bhéal Átha an Ghaorthaidh Oifig 15 31/12/2021
Corcaigh Eastát Bhéal Átha an Ghaorthaidh Oifig 32 31/12/2021
Corcaigh Eastát Bhéal Átha an Ghaorthaidh Oifig 37 31/12/2021
Corcaigh Páirc Ghnó Bhéal Átha an Ghaorthaidh Monarcha 98 1/11/2020
Corcaigh Páirc Ghnó Bhéal Átha an Ghaorthaidh Monarcha 89 1/11/2020
Corcaigh Páirc Ghnó Bhéal Átha an Ghaorthaidh Oifig 123 1/11/2020
Gaillimh Eastát Bhaile an tSagairt Oifig 107 6/7/2016
Gaillimh Eastát Bhaile an tSagairt Oifig 17 31/12/2021
Gaillimh Ceardlann an Spidéil Ceardlann 53 30/1/2023
Gaillimh Eastát Chasla Monarcha 101 31/5/2015
Gaillimh Eastát Chasla Monarcha 124 31/5/2015
Gaillimh Eastát Chasla Monarcha 1,088 31/11/2001
Gaillimh Eastát Chasla Monarcha 844 22/09/2019
Gaillimh Eastát Ros an Mhíl Monarcha 93 29/05/2017
Gaillimh Eastát na Ceathrún Rua Monarcha 236 21/6/2015
Gaillimh Eastát na Ceathrún Rua Monarcha 343 21/6/2015
Gaillimh Eastát na Ceathrún Rua Monarcha 94 in áirithe
Gaillimh Eastát na Ceathrún Rua Monarcha 1,013 20/8/2019
Gaillimh Eastát na Ceathrún Rua Monarcha 304 20/8/2019
Gaillimh Eastát Thír an Fhia Oifig 118 31/12/2003
Gaillimh Eastát Thír an Fhia Oifig 41 31/12/2003
Gaillimh Eastát Thír an Fhia Monarcha 46 5/2/2003
Gaillimh Eastát Chorr na Móna Monarcha 1,030 22/1/2023
Gaillimh Eastát Chorr na Móna Monarcha 883 22/1/2023
Gaillimh Naíonra Chorr na Móna Ceardlann 134 31/8/2019
Maigh Eo Eastán Bhun an Churraigh Monarcha 1,639 31/3/2015
Maigh Eo Coláiste Thuar Mhic Éadaigh Ceardlann 378 28/2/2007
Maigh Eo An Eachléim Fiontraíocht 147 1/10/2022
Maigh Eo An Eachléim Fiontraíocht 320 1/10/2022
Maigh Eo An Eachléim Fiontraíocht 61 1/10/2022
Dún na nGall Eastát an Bhuna Bhig Monarcha 189 31/7/2017
Dún na nGall Eastát an Bhuna Bhig Monarcha 198 10/7/2009
Dún na nGall Eastát an Bhuna Bhig Monarcha 371 10/7/2009
Dún na nGall Eastát an Bhuna Bhig Monarcha 1,026 10/7/2009
Dún na nGall Eastát an Bhuna Bhig Oifig 224 4/6/2010
Dún na nGall Eastát an Bhuna Bhig Oifig 259 3/3/2022
Dún na nGall Eastát an Bhuna Bhig Oifig 227 3/3/2022
Dún na nGall Eastát an Bhuna Bhig Monarcha 154 1/2/2023
Dún na nGall Eastát an Bhuna Bhig Monarcha 64 1/2/2023
Dún na nGall Eastát an Bhuna Bhig Monarcha 65 30/6/2005
Dún na nGall Eastát an Bhuna Bhig Monarcha 1,295 31/5/2014
Dún na nGall Eastát an Bhuna Bhig Monarcha 390 31/5/2014
Dún na nGall Eastát an Bhuna Bhig Monarcha 358 31/5/2014
Dún na nGall Eastát an Bhuna Bhig Monarcha 571 31/5/2014
Dún na nGall Eastán Bhaile na Móna Monarcha 735 20/1/2011
Dún na nGall Eastát an Fháil Charraigh Monarcha 239 1/9/2011
Dún na nGall Eastát Ghort an Choirce Monarcha 369 5/1/2017
Dún na nGall Eastán na nDúnaibh Monarcha 369 5/1/2017
Dún na nGall Eastát Bhaile na Finne Monarcha 296 16/6/2020
Dún na nGall Eastát Bhaile na Finne Monarcha 307 5/6/2006
Dún na nGall Machaire Rabhartaigh Fiontraíocht 135 Saor ó tógadh
an foirgneamh

Níos mó