Toibreacha beannaithe, portaigh rúnda agus dhá stáisiún nua – sin cuid den ábhar a bheidh faoi chaibidil ar sceideal nua TG4 an fómhar seo.
Ar na sraitheanna nua eile a fógraíodh, tá clár nua DIY, Déan tú fhéin é, agus Cúrfa, sraith nua siamsaíochta ina lorgófar an cór ‘is fearr in Éirinn’.
Beidh cainéil nua á sheoladh ag an gcraoltóir an fómhar seo chomh maith agus Cúla4, stáisiún nua do pháistí, le tosú ar an 8 Meán Fómhair.
Cuirfear tús chomh maith le TG4+1, cainéal a thabharfaidh deis de dhaoine féachaint ar ábhar an stáisiúin uair an chloig i ndiaidh a chraolta.
In Institiúid Náisiúnta na Scannán i mBarra an Teampaill a seoladh sceideal an fhómhair inniu.
Ar Rúin na bPortach, rachaidh Cormac Ó hÁdhmaill ar thuras go dtí tailte portaigh in Éirinn agus ar fud an domhain agus ar Ag Triall ar an Tobar inseoidh Manchán Magan dúinn scéal na dtoibreacha beannaithe in Éirinn.
I Rún na Bóinne beidh an t-iriseoir Seán Mac an tSíthigh agus foireann eolaithe ag iarraidh fáil amach an ann don dara seomra ag Brú na Bóinne, seomra a mheastar a bheith ann cé nár thángthas air riamh.
Sa tsraith nua Na Bealaí Ceilteacha téann Ryland Teifi agus a iníonacha, Lowri agus Cifa, ar thuras bóthair ar fud na hÉireann agus na Breataine Bige.
Ar na cláracha faisnéise aonair a bheidh le feiceáil den chéad uair an fómhar seo, tá Tuilte ina n-insítear scéalta daoine ar fud na tíre ar scrios fuarlaigh a saol.
Pléifidh Na Gaeil agus na Chéad Náisiúin leis an ngaol idir Éireannaigh agus Bun-náisiúin Mheiriceá Thuaidh agus scéal é Croíthe Radacacha faoi lánúineacha ban a bhí gníomhach i gcogadh na saoirse.
![](https://tuairisc.ie/wp-content/uploads/2023/08/cc-tg4-schedule-launch-29-scaled.jpg)
Ar Inis Meáin, An Tearmann Thiar tugtar súil siar ar shaol an oileáin mar a chonaic an scannánaí Chris Rodmell é 50 bliain ó shin agus tabharfaidh Aerfort Dhún na nGall léargas dúinn ar an saol san aerfort Gaeltachta.
Sé cinn de chláracha atá sa tsraith nua DIY Déan Tú Féin É agus ar Curfá cuirtear Doireann Ní Ghlacáin sa tóir ‘ar an gcór is fearr in Éirinn’.
Baineann an tsraith nua Tarrthálaithe na hÉireann le Garda Cósta na hÉireann agus an obair a dhéanann siad chun teacht i gcabhair ar dhaoine atá i mbaol.
Ar na sraitheanna a bheidh ag filleadh do shéasúr eile, tá Misneach, Scéalta Grá na hÉireann agus Slí na mBeaglaoich.
Ag dul ó na hOileáin Fhilipíneacha go dtí Oileáin Sholaimh a bheidh Hector Ó hEochagáin dá shraith taistil is déanaí.
Beidh an tsraith teilifís réaltachta spóirt Underdogs chugainn arís chomh maith ach athrú déanta ar an gcuir chuige seanbhunaithe – mná an tsacair a bheidh ag iarraidh áit a fháil ar an bhfoireann.
Dúirt Alan Esslemont, Ard-Stiúrthóir TG4 go raibh “tábhacht faoi leith le TG4 maidir le fónamh don Ghaeilge i saol na hÉireann”.
Chuir sé fáilte roimh an athbhreithniú ar na meáin chumarsáide Ghaeilge atá mar chúram ar Choimisiún nua na Meán a thabharfadh, a dúirt sé, deis don stát foghlaim ó na polasaithe is fearr atá i bhfeidhm sna meáin mhionteangacha san Eoraip.