Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
the-beautiful-road-–-albam-suaimhneach-socair-a-chuirfidh-ola-ar-d’anam

The Beautiful Road – albam suaimhneach socair a chuirfidh ola ar d’anam

| tomai o conghaile | ,

“Tearmann ceoil ó chora crua an tsaoil”.

Sin an cur síos a dhéanann Rónán Ó Snodaigh agus Myles O’Reilly ar a n-albam nua The Beautiful Road, agus, i ndiaidh domh toradh galánta a gcomhoibre a sheinm gan stad le cúpla lá anuas, caithfidh mé a rá gur fíor dóibh.

Thosaigh an comhar idir príomhamhránaí Kíla agus an ceoltóir/scannánóir as Baile Átha Cliath tamall beag de bhlianta ó shin – eisíodh a gcéad albam, Tá Go Maith, in 2021 – agus tá an caidreamh ceoil eatarthu tagtha chun blátha leis an ofráil is déanaí seo.

Saothar suaimhneach socair 9 dtraic é ar a dtagann anamacha fonnmhara na beirte le chéile chun fuaimdhreach luascach aoibhinn a chur ar fáil dár gcluasa.

Léiriú maith é an traic teidil ar na liricí machnamhacha agus ar an cheol timpeallach séimh atá le cluinstin ar an albam ó thús deireadh.

Tá muid ar fad ar bhóthar álainn, in amanna bíonn sé mín, amanna eile bíonn sé garbh, ach tá sé álainn mar sin féin – sin an bhunteachtaireacht dóchais a thagann trí gach uile rian.

Ar an amhrán ‘Níl Aon Easpa Orm’ (ar scannánaíodh an físeán de ag Loch Craobh ársa i gContae na Mí), samhlaím Rónán ag gabháil buíochas lena mháthair, an dealbhóir agus scríbhneoir Clíodna Cussen, a d’fhág a corp anuraidh.

Ar ‘An Glas ar an Domhan’ agus ‘Calling All Angels’ – tá mo chroí istigh sa dara ceann sin go háirithe – tá sé ag tabhairt léargas dúinn go bhfuil rud éigin eile ag baint leis an saol seo nach féidir a fheiceáil lenár súile i gcónaí.

Is léir ó spiorad an albaim iomláin go dtuigeann Rónán agus Myles gurb ann d’fhuinneamh dúileach na cruinne, go bhfuil sé ag rith trínn agus gur féidir nascadh leis ach a bheith oscailte dó, agus do na heispéiris éagsúla a bhronnann sé orainn.

Ar ‘Anáil Mór Doimhin’ tugann siad leid dúinn go fiú faoi bhealach amháin ar féidir dul i mbun an nasctha sin, linn féin agus leis an Domhan mór thart orainn.

Ach oiread leis na focail rithimeacha ar na rianta thuasluaite, cuireann an dá thraic uirlise atá ar an albam – ‘King of the Kingdom / Rí a’ Ríocht’ agus ‘Bacon, Eggs, Blood and Bread’ faoi gheasa thú mar a bheifeá ag bogadh anonn is anall ar shéideán deas gaoithe.

Ní haon ionadh é sin is dócha mar go ndeachaigh an dá dhraoi ceoil amach faoin tuath – i Ros Comáin agus in Iarthar Chorcaí – chun an saothar a chruthú, agus tá fuaimeanna an dúlra le cluinstin taobh leis an ghlór agus leis na huirlisí ar thraiceanna áirithe.

Fágann sé sin ar fad gur meascán mealltach meabhrach atá sa toradh deiridh, albam draíochta a chuirfidh ola ar d’anam.

Déan gar duit féin mar sin, éist le The Beautiful Road ó Rónán agus Myles agus lig dóibh thú a iompar píosa beag eile síos an bóthar álainn seo.

Níos mó