Tá an craoltóir Aodh Máirtín Ó Fearraigh ceaptha ina Bhainisteoir do Réigiún an Tuaiscirt ag RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Tiocfaidh sé i gcomharbacht ar Damien Ó Dónaill atá ag dul ag obair mar Léiritheoir Sraithe don chlár siamsaíochta tráthnóna Bladhaire.
Is as Seascan Beag i nGaoth Dobhair i dTír Chonaill d’Aodh Máirtín Ó Fearraigh atá ag obair le foireann RTÉ Raidió na Gaeltachta i nDoirí Beaga ó 2001.
Tá go leor ama caite aige obair ar fhoireann nuachta an tuaiscirt. Fear mór CLG chomh maith é agus tá spéis mhór sa pholaitíocht aige a fhágann go bhfuil sé ar dhuine de na daoine is mó a shamhlaítear le soláthar RnaG aimsir na dtoghchán.
Dúirt Aodh Máirtín Ó Fearraigh go raibh sé ag súil go mór lena phost nua agus a bheith i mbun bainistíochta ar fhoireann “an-díograiseach, ábalta agus cumasach ansin”.
Dúirt sé go raibh athruithe móra tagtha ar RTÉ RnaG ó bunaíodh an stáisiún i 1972 agus an stáisiún ag freastal anois ar dhaoine ar fud an domhain.
As an tseirbhís luachmhar atá tugtha aige agus é i mbun an phoist seo le dhá bhliain anuas, go háirithe le linn na géarchéime sláinte.”
Chuir ceannaire RnaG, Gearóid Mac Donncha, fáilte roimh an gceapachán.
“Tá scil agus saineolas ar leith aige i gcúrsaí iriseoireachta, i gcúrsaí nuachta agus i gcúrsaí spóirt, agus cuirfidh sé go mór le coiste bainistíochta na seirbhíse.”
Rachaidh Aodh Máirtín Ó Fearraigh i mbun dualgais mar Bhainisteoir Réigiún an Tuaiscirt an tseachtain seo chugainn.