Tá rabhadh oráiste báistí fógartha ag Met Éireann do Chiarraí agus do Chorcaigh amárach agus stoirm Agnes ar a bealach chun na hÉireann.
Beidh báisteach throm agus gaoth láidir scuabach le linn tréimhse an rabhaidh oráiste, a mhairfidh ó 9am go dtí 3pm.
Tá rabhadh buí gaoithe fógartha do chúige Laighean agus do chúige Mumhan go léir agus beidh rabhadh buí báistí i bhfeidhm chomh maith i gCeatharlach, Baile Átha Cliath, Cill Chainnigh, Loch Garman, Cill Mhantáin agus Port Láirge.
Tiocfaidh an dá rabhadh sin i bhfeidhm ag 7am amárach agus mairfidh siad go dtí meán oíche.
Deir Met Éireann go bhfuil gach seans ann go gcuirfidh Stoirm Agnes isteach ar chúrsaí amárach agus í ag déanamh a slí ó thuaidh.
Beidh baol tuilte cois cósta agus tá rabhadh tugtha chomh maith ag Met Éireann faoi bhristeacha cumhachta agus crainn a bheith á leagadh ag an stoirm.
Deir Met Éireann go bhféadfadh go mbeadh fuarlaigh ar bhóithre agus an léargas go dona mar gheall ar an mbáisteach throm gan stad.
Iarrtar ar thiománaithe a bheith san airdeall ar na bóithre mar go mbeidh siad contúirteach go maith in áiteanna.
Tá rabhadh buí mara i bhfeidhm chomh maith i gceantair cois cósta an oirthir agus an deiscirt.
Sa Tuaisceart tá rabhadh buí gaoithe fógartha d’Aontroim, Ard Mhacha, an Dún, Fear Manach, Tír Eoghain agus Doire.