Tá an Ghaeilge luaite ag Lonely Planet i measc na gcúiseanna lena gcinneadh Dún na nGall a ainmniú sa cheathrú háit ar a liosta de na ceantair is fearr ar domhan le cuairt a thabhairt orthu in 2024.
Tugann lucht foilsithe na dtreoirleabhar cáiliúil ardmholadh ar a suíomh idirlín don chontae Gaeltachta mar cheann scríbe turasóireachta.
“Agus an cósta is faide in Éirinn aige chomh maith le os cionn 100 trá, ráineodh go mbeifeá leat féin ar thrá iargúlta i nDún na nGall. Tá an contae is faide ó thuaidh in Éirinn fiáin i gceart agus lán d’anam. “Anseo a thiocfaidh tú ar na haillte farraige is airde san Eoraip [Sliabh Liag] agus ar chonairí siúlóide neamh-mhillte a shíneann ar feadh na mílte fada cois cósta ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin.
“Chomh maith leis sin, fágann na dúnta ársa, na traidisiúin cheoil agus oidhreacht shaibhir na Gaeilge gur áit iontach é don chuairteoir ar duine fiosrach é.”
Roghnaíonn Lonely Planet’s Best in Travel 2024 na háiteanna is fearr chun cuairt a thabhairt orthu an bhliain seo chugainn.
Is iad na deich gceantar is fearr le cuairt a thabhairt orthu in 2024, dar le lucht Lonely Planet:
- Rotharbhealach an Trans Dinarica, na Balcáin Thiar
- Oileán Changarú, Deisceart na hAstráile
- An Tuscáin san Iodáil
- Dún na nGall, Éire
- Pais Vasco, an Spáinn
- Deisceart na Téalainne
- Cósta Swahili, an Tansáin
- Montana, Stáit Aontaithe Mheiriceá
- Saalfelden Leogang, an Ostair
- Tuaisceart na hAlban