Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
iarrtha-ar-an-taoiseach-sa-dail-‘cuirteis’-a-leiriu-agus-cluasain-a-chaitheamh-le-linn-ple-i-ngaeilge

Iarrtha ar an Taoiseach sa Dáil ‘cúirtéis’ a léiriú agus cluasáin a chaitheamh le linn plé i nGaeilge

| tuairisc | ,

D’iarr an Teachta Dála Éamon Ó Cuív ar an Taoiseach Leo Varadkar sa Dáil tráthnóna sampla ‘chúirtéis’ lucht Pharlaimint na hEorpa a leanúint agus leas a bhaint as seirbhís aistriúcháin

Iarrtha ar an Taoiseach sa Dáil ‘cúirtéis’ a léiriú agus cluasáin a chaitheamh le linn plé i nGaeilge

Iarradh ar an Taoiseach sa Dáil inniu cluasáin an chórais aistriúcháin a chaitheamh ar bhonn “cúirtéise” nuair a bhíonn Gaeilge á labhairt.

Ceist a chuir an Teachta Dála Éamon Ó Cuív a bhí bunaithe ar scéal a foilsíodh ar an suíomh seo ar maidin ba chúis leis an eachtra sa Dáil tráthnóna.

Ag tagairt don scéal nach féidir le múinteoirí clárú i nGaeilge leis an gComhairle Mhúinteoireachta, d’fhiafraigh Éamon Ó Cuív de Leo Varadkar an mbunódh sé fochoiste comh-aireachta le plé le cás na teanga agus lena chinntiú go bhfaigheann lucht a labhartha cothrom na Féinne.

“A Thaoisigh, bítear ag maíomh go minic maidir le tacaíocht an Rialtais agus tacaíocht an stáit don Ghaeilge ach duine ar bith a dhéanann iarracht gnóthaí a dhéanamh leis an stát trí Ghaeilge bíonn fadhbanna ollmhóra acu go mórmhór má tá siad ag iarraidh rud a dhéanamh ar líne,” arsa Éamon Ó Cuív.

“Tháinig sé chun solais inniu, mar shampla, nach féidir le múinteoirí clárú leis an gComhairle Mhúinteoireachta trí Ghaeilge i láthair na huaire, nó le dhá bhliain anuas.

“Mar shainchuid den Straitéis 20 bliain don Ghaeilge, bhí soláthar ann go mbeadh coiste comh-aireachta, agus Taoiseach mar chathaoirleach air, ag stiúradh cúrsaí na Gaeilge sa tír seo agus [coiste] a dhéanfadh cinnte go gcuirfí an straitéis i bhfeidhm agus go mbeadh cothrom na Féinne agus a gcearta ar fáil do Ghaeilgeoirí. An bhféadfá a rá liom an bhfuil sé i gceist fochoiste comh-aireachta a bhunú a mbeidh tusa mar Chathaoirleach air, mar a bhí geallta sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge?”

Mar fhreagra ar an gceist sin, ghabh an Taoiseach buíochas leis an Teachta Dála agus dúirt sé, i nGaeilge, go gcuirfeadh sé an cheist faoi bhráid Aire na Gaeltachta.

Ag iompú dó ar an mBéarla, dúirt Éamon Ó Cuív gur léir nár thuig an Taoiseach é mar nár bhain an cheist le hAire na Gaeltachta ach leis féin.

“Ní bhím ag súil go dtuigfeadh daoine mé agus mé ag labhairt i nGaeilge, ach sílim go bhféadfaidís an chúirtéis chéanna a léiriú agus a léirítear i bParlaimint na hEorpa agus na cluasáin a chaitheamh,” arsa Ó Cuív.

Dúirt an Taoiseach ar dtús gur thuig sé an méid a dúradh i nGaeilge ach ghéill sé ansin gur chaill sé an chuid de chaint Uí Chuív a bhain le bunú coiste comh-aireachta na Gaeilge.

“Tá brón orm, a Theachta, chaill mé an chuid sin de do cheist. Níl sé i gceist againn faoi láthair cur le líon na bhfochoistí. De ghnáth bíonn na fochoistí comh-aireachta a bhíonn againn ag plé le grúpaí ranna seachas le fo-rannóg de Roinn, ach rud é go ndéanfaimid roinnt machnaimh faoi,” arsa an Taoiseach Leo Varadkar i mBéarla.

Níos mó