Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
‘nil-sceim-labhairt-na-gaeilge-mar-a-bhi-a-tabhairt-ar-ais’-–-o’donovan

‘Níl scéim labhairt na Gaeilge mar a bhí á tabhairt ar ais’ – O’Donovan

| tuairisc | , ,

Tá ráite go neamhbhalbh ag Aire Stáit na Gaeltachta nach mbeidh an scéim ar cuireadh deireadh léi in 2011 á tabhairt ar ais

‘Níl scéim labhairt na Gaeilge mar a bhí á tabhairt ar ais’ – O’Donovan

Tá sé deimhnithe ag Aire Stáit na Gaeltachta nach mbeidh scéim labhairt na Gaeilge á tabhairt ar ais.

Dúirt an tAire Stáit Patrick O’Donovan cheana go raibh sé ag smaoineamh ar mhacasamhail Scéim Labhairt na Gaeilge, an scéim faoina n-íoctaí €260 le teaghlaigh Ghaeltachta ina raibh labhairt na Gaeilge ag na páistí, a thabhairt ar ais.

Bhain roinnt doiléire leis an scéal ó shin, ach tá ráite go neamhbhalbh anois ag an Aire Stáit nach mbeidh an scéim ar cuireadh deireadh léi in 2011 á tabhairt ar ais.

“Níl i gceist ag mo Roinn Scéim Labhairt na Gaeilge a thabhairt ar ais mar a bhí sé in 2011 nuair a cuireadh deireadh leis,” a dúirt an tAire Stáit agus ceist Dála a chuir an Teachta Dála de chuid Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh á freagairt aige.

“Ó cuireadh deireadh leis an scéim seo, tá raon leathan de bhearta curtha i bhfeidhm ag mo Roinn agus faoi scáth an phróisis pleanála teanga – a tháinig i bhfeidhm ó shin – chun cabhrú le teaghlaigh atá ag tógáil clainne le Gaeilge nó ar mhian leo é sin a dhéanamh,” arsa Aire Stáit na Gaeltachta.

I mí Feabhra seo caite, d’eagraigh Roinn na Gaeltachta “meitheal smaointeoireachta” faoi scéim a d’fhéadfadh a bheith ina “comharba” ar scéim labhairt na Gaeilge.

De réir cháipéisí inmheánacha na Roinne, a scaoileadh le Tuairisc an mhí seo caite, ní raibh aon chruinniú eile ag an meitheal smaointeoireachta ina dhiaidh sin agus níor cuireadh ar fáil aon taifead ach oiread ar aon phlé eile faoi aon mholtaí a rinne an mheitheal.

Thug Aire Stáit na Gaeltachta le fios sa ráiteas is déanaí uaidh, áfach, go raibh cruinniú ag an Roinn le Comhar Naíonraí na Gaeltachta ó rinne Tuairisc iarratas ar an eolas sin. Ar an 21 Meán Fómhair a tharla an cruinniú sin “chun na féidearthachtaí maidir le scéim nua a chíoradh”. Chomh maith leis sin, tá beartaithe ag an Roinn bualadh le grúpa d’Oifigigh Pleanála Teanga “sna seachtainí amach romhainn” chun a gcuid smaointe faoi scéim nua a phlé leo.

Bhí “iontas” agus “díomá” ar oifigigh pleanála teanga nach bhfuair siad aon chuireadh le bheith i láthair ag an gcruinniú speisialta i mí Feabhra faoi bhunú scéim nua in áit scéim labhairt na Gaeilge.

Is léir ó liosta tosaíochtaí a chuir Airí na Gaeltachta ar fáil do Tuairisc an mhí seo caite go mbeadh pé scéimeanna nua atá beartaithe acu dírithe ar chur chun cinn na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht chomh maith.

Níos mó