Deir urlabhraí Gaeilge Shinn Féin nach ceart gur ó bhuiséad Roinn na Gaeltachta atá an t-airgead ag teacht do scéim nua chun feabhas a chur ar Ghaeilge múinteoirí.
Fógraíodh mar chuid de Bhuiséad 2024 go raibh tús le cur le scéim phíolótach chun cumas Gaeilge múinteoirí scoile agus oibrithe in earnáil an oideachais luath-óige a fheabhsú. Maoineofar an scéim leis an €1 milliún breise a fógraíodh do Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán.
Deir an Teachta Aengus Ó Snodaigh nár cheart go mbeadh an t-airgead chun scileanna teanga múinteoirí a fheabhsú ag teacht ón gciste atá curtha ar leataobh do chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta sa Roinn sin agus gur roinn rialtais eile ba cheart a bheith ag maoiniú na scéime.
Faoi Bhuiséad 2024, tugadh ardú €4 milliún do Roinn na Gaeltachta do chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta agus ciste €100 milliún san iomlán ann don bhliain seo chugainn.
Buiséad €10.5 billiún a bheidh ag an Roinn Oideachais in 2024 agus €4.1 billiún a chuirfear ar fáil don Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta.
Tá díomá léirithe cheana ag Ó Snodaigh faoin a laghad airgid a chuirtear ar fáil do bhuiséad na Gaeilge agus na Gaeltachta agus, maidir le maoiniú na scéime nua do mhúinteoirí, deir sé gur chóir go mbeadh an t-airgead ag teacht ó fhoinse eile.
“Aon rud mar seo, níor chóir go mbeadh sé ag teacht as buiséad na Gaeltachta agus tá géarghá é sin a chosaint mar tá rudaí eile gur féidir an t-airgead a chaitheamh orthu.”
Maidir le cumas Gaeilge múinteoirí a fheabhsú, deir Ó Snodaigh go bhfuil níos mó ná scéim phíolótach ag teastáil.
“Is léir,” a deir sé, “nach bhfuil ag éirí leis an gcóras mar atá.”
Ar a laghad, ba cheart go mbeadh ábhar oidí ag caitheamh seachtain bhreise sa Ghaeltacht gach bliain, dar le Ó Snodaigh.
“An t-aon bhealach gur féidir feabhas a chur ar Ghaeilge múinteoirí ná dul leis an tumoideachas chomh tapa agus is féidir.”
Deir sé go gcaithfear brú a chur ar an Roinn Oideachais le cúrsaí a athrú.
“Ní fheicim go mbíonn an Roinn Oideachais sásta aon scéimeanna nua a ghlacadh orthu féin. Ní hiad is tapúla chun aon athrú a dhéanamh nó glacadh leis go bhfuil fadhb ann.”