Tá cóip den achainí a rinne Ruairí Mac Easmainn san Irish Independent i 1914 agus é ag iarraidh cúnamh airgid le béile a chur ar fáil do ghasúir scoile i gConamara ar díol ag De Búrca Rare Books, díoltóir na leabhar atá gann is luachmhar.
Scríobh Casement an litir nuair a chonaic sé tuarascáil Bhord na gCeantar Cúng a bhí foilsithe ag an nuachtán. Luann an Bord gur fíor na tuairiscí go raibh ‘na tithe míshláintiúil, an t-uisce truaillithe agus na daoine ar bheagán só’ in ‘oileáin Chonamara’ ach nach rabhthas sásta leis na tuairiscí “go raibh gorta agus ocras forleathan” ansin i 1913.
Deir Casement ina litir go ndeachaigh sé fhéin ar ais arís go Conamara agus ollamh ollscoile agus dochtúir ina chuideachta agus gur mhór an spórt an feabhas a bhí tagtha ar ghasúir na scoile ar an gCeathrú Rua ó thosaigh siad ag fáil cócó te agus arán ag am lóin chuile lá, a bhuíochas don airgead a bailíodh ón bpobal an bhliain roimhe sin, 1913.
Malairt scéil a bhí acu sna scoileanna eile sa gceantar – an Tuairín, an Droim, an Trá Bháin agus Leitir Mealláin. Dúirt an dochtúir a bhí leis, a deir Casement, go raibh na gasúir i scoil an Droma agus an Tuairín leathscrúdta leis an ocras agus go bhfaca sé gasúr amháin a bhí tugtha traochta leis an ocras.
San achainí seo, deir Casement go bhféadfaí béile a thabhairt do na gasúir i míonna gortacha an gheimhridh dá mbeadh £25 ar fáil agus go gcuirfeadh £100 an-bhail ar an gasúir agus ar an nGaeilge, a bhí “clinging to the rocks” díreach mar a bhí an pobal.
Cóip amháin den litir seo atá cláraithe go poiblí agus í ar díol ar €1,500.