De réir na bhfigiúirí nua atá eisithe ag an Phríomh-Oifig Staidrimh, is daoine atá ag obair i ngairmeacha na múinteoireachta agus an oideachais iad 11% de na cainteoirí Gaeilge atá ag obair sa tír seo.
Ardú 19% atá ansin ó dhaonáireamh 2016.
Thug 45% de na cainteoirí Gaeilge atá ag obair in earnáil an oideachais le fios go labhraíonn said Gaeilge gach lá ach nach labhraíonn siad riamh í taobh amuigh den chóras oideachais, ach dúirt 9% díobh go mbíonn siad á labhairt chuile lá.
Slite beatha a bhaineann le seirbhísí a chur ar fáil do chustaiméirí an ghairm bheatha is lú a bhfuil fáil ar dhaoine a mhaíonn gur cainteoirí Gaeilge, gan ach 1.1% díobh ina nGaeilgeoirí.
Sa bhliain 2022, bhí 773,688 duine ag obair sa bhfórsa oibre sa tír seo a mhaígh go raibh labhairt na Gaeilge acu agus iadsan ag saothrú a mbeatha i ngairmeacha éagsúla.
Bhí 9% de na Gaeilgeoirí sin ag obair i ngairmeacha riaracháin, agus an céatadán céanna díobh a bhí ag obair i gcúrsaí gnó, na meán agus sa tseirbhís phoiblí.
Bhí 7% díobh ag obair i ngairmeacha cúram sláinte, agus 7% chomh maith a bhí ag obair mar bhainisteoirí corparáideacha agus stiúrthóirí, agus 7% eile a bhí ag obair i ngairmeacha gnó agus i ngairmeacha a raibh baint acu leis an tseirbhís phoiblí.
Gairmeacha cúram sláinte a bhí ag 6.7% de na Gaeilgeoirí, 6.1% díobh a bhí fostaithe i réimse na heolaíochta, na hinnealtóireachta agus i gcúrsaí taighde. Bhí Gaeilge ag 5.3% de na daoine a bhí ag obair in earnáil an chúraim phearsanta.
Is iad na hearnálacha ba lú a raibh daoine le Gaeilge ag obair iontu – fóillíocht, taisteal agus seirbhísí pearsanta atá bainteach leis; cúrsaí sláinte agus cúram sóisialta; teicstílí, priontáil agus ceirdeanna oilte eile; buncheirdeanna agus slite beatha a bhaineann leo; agus slite beatha in earnáil na seirbhísí do chustaiméirí.
Níos lú ná 1.5% de na cainteoirí Gaeilge a bhí ag obair sna i gcás na n-earnálacha sin go léir.