Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
fisean-nollag-an-uachtarain:-‘ta-na-difriochtai-eadrainn-mar-a-bheadh-snaitheanna-a-cheanglaionn-le-cheile-muid’

FÍSEÁN NOLLAG AN UACHTARÁIN: ‘Tá na difríochtaí eadrainn mar a bheadh snáitheanna a cheanglaíonn le chéile muid’

| tuairisc | ,

Is mian liom mar Uachtarán na hÉireann mo dhea-ghuí ó chroí a sheoladh chugaibh agus mé ag súil go mbeidh Nollaig shona shíochánta agaibh go léir.

Is maith a thuigeann muid, an Nollaig seo, go bhfuil daoine in áiteanna ar fud an domhain ag dul i ngleic le coinníollacha atá uafásach ar fad de bharr cogaí nó a bheith díbeartha as a n-áiteanna dúchais.

Smaoinímid go speisialta ar na páistí go léir i nGaza agus in Iosrael, ceantar a aithníonn go leor daoine mar, an Talamh Naofa, áit a bhfuil an dorchadas ina luí go trom mar gheall ar an líon rómhór básanna ansin, bás daoine óga go háirithe, le roinnt míosa anuas. Ualach trom ar ár gcroíthe ar fad é an méid uafásach atá caillte ansin.

Agus muid in Éirinn ag comóradh shíniú Chomhaontú Aoine an Chéasta cúig bliana is fiche ó shin, tá cuid mhór teaghlach ar an oileán seo a bhfuil ualach trom orthu fós mar thoradh ar dhuine dá muintir féin a bheith caillte sa choimhlint a tharla anseo.

Is rómhaith a thuigimid na huafáis a tharlaíonn ar chúiseanna éagsúla, easaontais bunaithe ar mhí-úsáid chreidimh nó an creideamh a bheith curtha ó rath, nuair a cheadaítear don fhoréigean an lámh in uachtar a fháil ar ár ndúil i síocháin choiteann.

Ach is é ceacht na staire dúinn agus is maith is eol dúinn é freisin gur féidir an tsíocháin a fhorbairt d’ainneoin chomh leochaileach agus chomh cúramach is a bhíonn na céimeanna tosaigh.

Is féidir leis an Nollaig a bheith ina tréimhse bhróin don oiread sin daoine, bíodh sin mar thoradh ar a dtaithí reatha nó ar a gcuimhní.  Dá réir sin, is am é ar cheart dúinn dul i ngleic leis an leochaileacht choiteann sin, go háirithe an leochaileacht a bhaineann leo sin atá i mbaol, fágtha ar leataobh nó imeallaithe mar go gceaptar go bhfuil siad difriúil nó “éagsúil”.

Is ceart dúinn ár machnamh a dhéanamh agus muid ag cruinniú le chéile an Nollaig seo ar na dúshláin sin a fhágann dorchadas anuas ar an domhan mór, an cogadh san Úcráin san áireamh, atá fós ina chúis bháis agus scrios na beatha.

Meabhraíonn líon na marbh dúinn i ngach coimhlint an costas a bhíonn i gceist nuair a chailltear an spás coiteann sin don taidhleoireacht, nuair a bhíonn mí-úsáid cumhachta i gceist agus meabhraíonn sé freisin an tábhacht mhór a bhaineann le hidéal na síochána a chur chun cinn. Ní raibh an cúram coiteann seo chomh tábhachtach riamh agus atá sé anois, seans, de bharr líon ollmhór na ndúshlán casta domhanda atá os ár gcomhair.

Ba cheart go ngríosódh na hionsaithe ar leanaí agus bás na bpáistí mar atá feicthe agus á fheiceáil fós againn, na náisiúin ar fad níos mó ná riamh le dul i mbun iarrachtaí le réiteach buan a aimsiú ar choimhlintí ba cheart a bheith tuartha roimh ré agus ar chóir dóibh a bheith seachanta ar fad.

Tá iliomad dúshlán os ár gcomhair inniu a dteastóidh an chuid is fearr dár misneach agus dár ndúthracht lena réiteach.

Chas ceannairí domhanda le chéile an mhí seo ag COP28, Comhdháil na Náisiún Aontaithe ar Athrú Aeráide don bhliain 2023, le haghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim aeráide, atá ag dul in olcas.

Tá muid ag crosbhóthar tábhachtach sa chath fíorbhaolach seo, áit a n-éilítear orainn ár gceangal leis an nádúr a aimsiú arís agus a fhágann gur gá dúinn ar fad athruithe ríthábhachtacha agus fiúntacha a dhéanamh i ngach gné dár saol.

Tá rabhadh níos láidre, ná aon cheann roimhe, tugtha in imeacht na bliana seo ag Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe, António Guterres, faoin riachtanas práinneach atá ann a bheith i ndáiríre faoinár ngealltanas agus ár ndualgais do ghníomhartha fiúntacha láithreach, bogadh chun cinn ó fhocail mhilse, le tubaiste chomhshaoil agus shóisialta a sheachaint.

Léiríonn an toradh atá ar an athrú aeráide agus ar chailliúint na bithéagsúlachta le chéile an gá atá ann seilbh a fháil an athuair ar thaidhleoireacht dháiríre chomhroinnte le dul i ngleic leis an ngéarchéim choiteann.

Caithfidh níos mó ná leithscéalta a bheith i gceist sna moltaí le dul i ngleic lena bhfuil á chailliúint agus an damáiste atá á dhéanamh do náisiúin atá i mbéal forbartha.

Éilíonn sé tiomantas le cabhrú le hathshlánú, le roinnt na n-acmhainní, agus cúiteamh a sholáthar a chabhróidh le hinfheistíocht fhreagrach, nuálach a chuirfidh síolta an fháis agus an athshlánaithe arís do chuid de na saoránaigh dhomhanda is leochailí dá bhfuil ann.

Tá ár gcuid géarchéimeanna iomadúla fite fuaite ina chéile, géarchéim an ocrais atá ag cur as d’ocht gcéad fiche milliún duine san áireamh, chomh maith leis an míchothromaíocht agus cailliúint na bithéagsúlachta.

Tá na géarchéimeanna sin i dteannta a chéile ag méadú an bochtaineacht domhanda, na himirce in aghaidh tola, agus ag scaipeadh gorta. Léiríonn an fhírinne shoiléir faoin ocras domhanda, ocras atá ag méadú i gcónaí, a thábhachtaí agus atá sé dul i ngleic leo i dteannta a chéile.

Táthar ag fanacht fós le freagra sásúil domhanda ar na géarchéimeanna daonnúla seo atá ag cur isteach ar na milliúin duine leochaileach. Tá os cionn 100 milliún duine díbeartha in aghaidh a dtola as a n-áiteanna dúchais mar léiriú air sin.

Tá an Pápa Proinsias ar dhuine acu sin a thug rabhadh faoi “dhomhandú na neamhshuime” agus a mheabhraigh dúinn a thábhachtaí agus atá cosaint an chomhshaoil. Bhí sé ag lorg na comhréire idir an geilleagar, an éiceolaíocht agus an eitic ina theachtaireacht Laudate Deum.

Thug sé cuireadh dúinn ní hamháin ceangal a dhéanamh arís leis an nádúr ach saol níos inbhuanaithe, níos fiúntaí agus níos córa a chothú i dteannta a chéile ar an bpláinéad luachmhar, leochaileach, comhroinnte seo atá i mbaol.

Tá tábhacht thar na bearta ag baint lenár gcuid oibre ar son na síochána. Is mian liom mo bhuíochas speisialta a ghabháil leis na baill sin dár bhFórsaí Cosanta a bheidh scartha óna dteaghlaigh an Nollaig seo agus iad ag obair thar sáile.

Sa bhreis orthu sin atá sa Liobáin mar chuid den dualgas fadbhunaithe ag coimeád na síochána ansin tá saighdiúirí Éireannacha ag obair freisin i mbunú agus i gcur chun cinn na síochána in iliomad réigiún eile ar fud na cruinne ina bhfuil coimhlint ar siúl faoi láthair.

Is féidir linn ar fad a bheith bródúil as an obair ríthábhachtach atá ar bun acu agus ár dtacaíocht a thabhairt dóibh ag am ina bhfuil an cine daonna ag déileáil le dúshláin dhomhanda nach bhfacthas a leithéid riamh cheana.

Is ionann an cás dóibh agus an taithí atá ag go leor eile nach bhfuil de rogha acu ach a bheith scartha in aghaidh a dtola ó ghrá a dteaghlach ar chúiseanna éagsúla ag an am seo den bhliain.

Agus sa spiorad céanna sin, ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl do na himircigh sin a aithníonn Éirinn anois mar a mbaile.  Cuireann siad lenár gcultúr, is tairbhe don tsochaí iad agus tugann siad chugainn taithí, traidisiúin agus dearcadh a láidríonn muid mar náisiún.

Agus muid ag ceiliúradh shéasúr seo na Nollag, bíodh sé ina dheis againn aontú le chéile, tuiscint agus meas a bheith againn ar a chéile, bímis báúil lena chéile agus muid ar an eolas go bhfuil na difríochtaí eadrainn mar a bheadh snáitheanna a cheanglaíonn le chéile muid i gcreatlach chasta shaibhir ár sochaí choiteann.

Is maith mar atá muidne, pobal na hÉireann, fíor-eolach go mbíonn sé ag teastáil ó dhaoine ar go leor cúiseanna difriúla a n-áit dúchais a fhágáil agus dul ag lorg sábháilteachta agus saol níos fearr.

Tá cuimhne mhaith againn ar an dlúthpháirtíocht a léirigh pobal na tíre seo in imeacht na mblianta do dhaoine leochaileacha ar fud an domhain, ag dul i ngleic le cearta an duine san Afraic Theas, mar shampla, nó ag cur deireadh le deachtóirí ar nós an chinn a tháinig i gcumhacht sa tSile caoga bliain ó shin.

Cuimhníonn muid le bród ar an gcúnamh a thug Éireannaigh go háirithe i gcúrsaí oideachais i gcuid mhór áiteanna ar fud na cruinne, agus ag an am céanna glacann muid buíochas leo siúd a saolaíodh lasmuigh d’Éirinn agus a bhfuil obair fhíorthábhachtach ar bun acu sna córais chúraim agus sláinte anseo agus i réimsí tábhachtacha eile chomh maith.

Agus ár leochaileacht choiteann inár n-intinn an Nollaig seo, beartaímis buanseasmhacht bhreise a chruthú i dteannta a chéile, gníomh a thabharfaidh san áireamh agus a cheanglóidh saoránaigh uile an domhain leochailigh seo le chéile.

Ní féidir linn ligean i ndearmad gur tráth dóchais í an Nollaig. I ndoimhneacht dhorchadas an gheimhridh bímis ag ceiliúradh agus ag súil le bua an tsolais ar an dorchadas, agus a bheith ag brionglóideach faoi nithe a bhainfear amach fós mar mhalairt ar bhuillí a buaileadh san am atá caite.

Agus súil chun cinn againn ar an mbliain atá romhainn is ceart gurb é an rún is tábhachtaí a bheidh againn i bpáirt le chéile ná go n-éireodh linn sna tascanna sin lán fiúntais nár éirigh lenár ndícheall a bhaint amach fós.

Níl sé dodhéanta na dúshláin atá luaite agam a shárú ach theastódh díograis, dúthracht agus comhoibriú le fís choiteann a bhaint amach do dhomhan níos fearr.

Déanaimis ár ndícheall le difríocht fhiúntach a dhéanamh, ag leagan síos na dúshraithe do thodhchaí choiteann níos gile ina mbeidh cóir, comhbhá agus inbhuanaitheacht i réim.

Guím Nollaig shona shíochánta agus athbhliain lán dóchais, dea-shláinte agus sásaimh ar Éireannaigh sa bhaile agus i gcéin agus orthu siúd a chónaíonn agus a oibríonn leo.

Nollaig Shona daoibh go léir, is beir gach beannacht don bhliain nua is don todhchaí.

Níos mó