Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
imni-faoi-phlean-ollscoile-‘athbhrandail’-a-dheanamh-ar-an-leann-ceilteach-mar-an-‘leann-briotanach-agus-eireannach’

Imní faoi phlean ollscoile ‘athbhrandáil’ a dhéanamh ar an Léann Ceilteach mar an ‘Léann Briotanach agus Éireannach’

Má chuirtear plean don Léann Ceilteach i bhfeidhm in Ollscoil Toronto, ní bheidh sé riachtanach feasta staidéar a dhéanamh ar theangacha Ceilteacha, an Ghaeilge san áireamh

Imní faoi phlean ollscoile ‘athbhrandáil’ a dhéanamh ar an Léann Ceilteach mar an ‘Léann Briotanach agus Éireannach’

Tá imní léirithe faoi phlean Ollscoil Toronto i gCeanada “athbhrandáil” a dhéanamh ar an gcúrsa sa ‘Léann Ceilteach’ agus ‘Léann Briotanach agus Éireannach’ a dhéanamh de.

Tá céimithe ón Léann Ceilteach in Ollscoil Toronto i mbun feachtais chun an Léann Ceilteach “a shábháil” agus é iarrtha ar dhaoine a míshástacht faoin scéal a chur in iúl d’údaráis na hollscoile.

Má chuirtear na hathruithe atá beartaithe don Léann Ceilteach i bhfeidhm in Ollscoil Toronto, ní bheidh sé riachtanach feasta ar mhic léinn an chúrsa staidéar a dhéanamh ar theangacha Ceilteacha, an Ghaeilge san áireamh.

In 1975 a bunaíodh an Léann Ceilteach in Ollscoil Toronto, an chéad ollscoil i gCeanada chun an Ghaeilge a mhúineadh mar chuid de chúrsa sa Léann Ceilteach.

Tá Ollscoil Toronto ar cheann de scata ollscoil i Meiriceá Thuaidh a chuireann cúrsaí ar fáil sa Léann Ceilteach.

I dteachtaireacht ón ghrúpa feachtais á scaipeadh ar líne agus a seoladh chuig lucht acadúla atá ag plé leis an Léann Ceilteach in ollscoileanna eile, deirtear gur “bogadh ó dhisciplín acadúil an Léinn Cheiltigh” atá i gceist leis an “athbhrandáil”.

“Táimid an-bhuartha go bhfuiltear ag fáil réidh leis an mbéim a bhíodh ag an gclár seo ar theangacha mionlaithe.

“Údar imní dúinn gurb é an toradh a bheidh ar an athstruchtúrú seo ar an gclár go mbeidh cultúr ceannasach an choilíneachais lárnach ann, d’ainneoin gurb é an clár staidéir seo ceann den bheagán spásanna acadúla atá ann do na náisiúin agus na pobail Cheilteacha,” a deirtear sa teachtaireacht.

Bhí imní ann freisin maidir le hainm agus ábhar an chláir nua atá molta ag an Ollscoil in áit an Léinn Cheiltigh.

“Tá sé le tuiscint ón athrú teidil, ó Ceilteach go ‘Éireannach agus Briotanach’ ,go bhfuil ábhar Breatnach agus Albanach á bhaint den chlár, nó ar a laghad go bhfuil an bhéim á baint díobh sin laistigh den chlár staidéir, agus tá imní orainn freisin gur ‘sofhriotal’ nó leathfhocal é ‘Briotanach ar ‘Sasanach’.

“Ní mheallfaidh an clár nua seo mic léinn ar spéis leo an Bhreatain Bheag nó Albain, gan trácht ar theangacha ceilteacha na mór-roinne, nach bhfuil ar an gclár beag ná mór.”

Dúradh chomh maith go bhfágfadh na hathruithe a lorg ar ollscoileanna eile sna stáit Aontaithe agus san Eoraip.

“San am a caitheadh d’éirigh le scoth na mac léinn ó chlár Léann Ceilteach Ollscoil Toronto áiteanna a fháil ar chúrsaí sa Léann Ceilteach i gcoláistí iarchéime sna Stáit Aontaithe agus san Eoraip.

“Má athraítear ón mbéim a bhíodh ar theangacha sa chúrsa réamhchéime seo, tá imní orainn nach maith an tionchar a bheidh aige sin ar cháil an chláir sa réimse léinn seo agus faoin tionchar a bheidh aige ar iarrthóirí ar mhian leo tabhairt faoi chúrsaí céime i gcoláistí,” a dúradh.

Níos mó