Tá sé deimhnithe ag Coimisiún na Scrúduithe Stáit go reáchtálfar béaltrialacha Gaeilge na hArdteistiméireachta 2024 i rith laethanta saoire na Cásca an bhliain seo chugainn.
Ba in 2022 a athraíodh tráthchlár na scrúduithe cainte go dtí saoire na Cásca ar dtús agus is amhlaidh a bhí an bhliain seo caite. Roimhe sin ba san Earrach le linn do na daltaí a bheith ar scoil a bhíodh na scrúduithe cainte á rith roimh shaoire na Cásca nó ina diaidh, ag brath ar dhátaí na Cásca.
D’fhógair an tAire Oideachais, Norma Foley inniu go raibh deimhniú faighte aici ó Choimisiún na Scrúduithe Stáit go mbeadh na scrúduithe cainte ar siúl arís in 2024 le linn shaoire na Cásca.
“Is mór agam go bhfuil na dátaí soiléir anois d’fhoireann na scoileanna agus do na scoláirí. Tá sé tábhachtach go mbeadh an dáta a mbeidh an scrúdú cainte ar siúl ar eolas acu chomh luath agus is féidir,” a dúirt an tAire.
I mbliana beidh scrúduithe cainte ar siúl i nGaeilge, Gearmáinis, Spáinnis, Fraincis, Seapáinis, Iodáilis, Mandairínis, Polainnis, Liotuáinis, Portaingéilis agus Rúisis.
Beidh scrúdaitheoirí an Choimisiúin Scrúduithe i mbun na mbéaltrialacha i scoileanna sa gcéad seachtain de shaoire na Cásca, ón Satharn an 23 Márta go dtí an Déardaoin, an 28 Márta agus an dá lá sin san áireamh.
An tseachtain seo chugainn a chuirfidh an Coimisiún Scrúduithe tús le feachtas earcaíochta chun scrúdaitheoirí a fhostú do na scrúduithe.
Dúirt an Roinn Oideachais go laghdaítear ar an gcur isteach a dhéantar ar uaireanta scolaíochta agus teagaisc na ndaltaí Ardteiste nuair a chuirtear na scrúduithe cainte ar siúl i rith na laethanta saoire scoile.
Tá measúnú á dhéanamh ag an gCoimisiún faoi láthair ar an am is fearr leis na béaltrialacha a reáchtáil sna blianta atá romhainn.
San athbhreithniú atá déanta ag Coimisiún na Scrúduithe Stáit go dtí seo, deir siad go raibh dúshláin ar leith ag baint leis na scrúduithe a bheith ar siúl le linn na saoire mar nach rmbíonn teacht ag na scoláirí ar an struchtúr tacaíochta a bhíonn acu i rith an téarma scoile, a gcuid múinteoirí féin cuir i gcás.
Chun cuidiú leis na daltaí, tá maoiniú breise á chur ar fáil do na béaltrialacha Ardteiste in 2024 ionas go bhféadfar múinteoir a cheapadh le tacaíocht thréadach a chur ar fáil do na daltaí atá ag tabhairt faoi na scrúduithe agus lena chinntiú go mbeidh siad i láthair ag an scoil an lá a mbeidh scrúdú cainte na hArdteiste le déanamh acu i rith na laethanta saoire.
Anuraidh cuireadh idir 8 go 10 lá Cúntóirí Scrúduithe ar fáil, ag brath ar an líon scoláirí sa scoil agus i mbliana cuirfear cúig lá breise leis sin,
Iarradh ar údaráis na scoileanna a bheith tuisceanach maidir le daltaí a bhfuil scrúduithe cainte acu i gcúpla teanga agus a chinntiú, más féidir in aon chor, nach mbeidh ach scrúdú cainte amháin sa lá acu.